User manual
Table Of Contents
- Ábhar
- 1 Scáileán Baile
- 2 Suiteáil
- 3 Cianrialtán
- 4 Ag Casadh Air agus As
- 5 Suiteáil Cainéal
- 6 Cainéil
- 7 Nasc Gléasanna
- 8 Bluetooth®
- 9 Nasc do Android TV
- 10 Feidhmchláir
- 11 Naisc, Liosta
- 12 Socruithe
- 13 Ambilight
- 14 Físeáin, Grianghraif, Ceol & Téacs
- 15 Eolaire Teilifíse
- 16 Fóin Chliste agus Táibléid
- 17 Freeview Play
- 18 Netflix
- 19 Bogearaí
- 20 Sonraíochtaí
- 21 Cúnamh agus Tacaíocht
- 22 Sábháilteacht agus Cúram
- 23 Téarmaí Úsáide
- 24 Cóipchearta
- 25 Séanadh maidir le seirbhísí agus/nó bogearraí atá á dtairiscint ag tríú páirtithe
- Innéacs
• Tá an cineál crua-earraí céanna ag an dá teilifís.
Féach ar an gcineál crua-earraí ar chlár chineál na
teilifíse ar chúl na teilifíse.
• Tá leaganacha bogearraí ag an dá theilifís atá
comhoiriúnach.
I mbun leagan reatha bogearraí na teilifíse a
sheiceáil
Chun leagan reatha bogearraí na teilifíse a sheiceáil…
1 - Téigh chuig Cainéal > Cóipeáil Liosta Cainéal agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Leagan reatha.
3 - Taispeánfar an leagan, na nótaí eisithe agus an
dáta cruthaithe.
4 - Brúigh Ar ais, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Cóipeáil liosta canéal chuig méaróg chuimhne USB
Chun liosta cainéal a chóipeáil...
1 - Cas air an teilifís. Ba cheart go mbeadh cainéil
suiteáilte ag an teilifís seo.
2 - Plugáil isteach méaróg chuimhne USB.
3 - Téigh chuig Cainéal > Cóipeáil Liosta Cainéal
agus brúigh OK.
4 - Roghnaigh Cóipeáil chuig USB agus brúigh OK.
5 - Nuair atá an chóipeáil déanta, bain amach pluga
an mhéaróg chuimhne USB.
6 - Brúigh Ar ais, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Is féidir leat an liosta cainéal atá cóipeáilte a uaslódáil
anois go dtí teilifís Philips eile.
Uaslódáil liosta cainéal chuig Philips TV eile
Chun liosta cainéal a uaslódáil...
1 - Plugáil isteach an mhéaróg chuimhne USB a
bhfuil liosta cainéal na teilifíse eile air.
2 - Téigh chuig Cainéal > Cóipeáil Liosta Cainéal
agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh Cóipeáil chuig TV agus brúigh OK.
4 - Cuirfidh an teilfís ar an eolas tú má chóipeáiltear
an liosta cainéal go dtí an teilifís go rathúil. Bain
amach an mhéaróg chuimhne USB.
5 - Brúigh Ar ais, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
6.3
Féachaint ar chainéil
Tiúnáil go dtí Cainéal
Chun tosú ag féachaint ar chainéil teilifíse, brúigh
SOURCES. Tiúinfidh an teilfís go dtí an cainéal teilifíse
ar fhéach tú go deireanach air.
Mar rogha air sin, is féidir leat Teilifís bheo a roghnú
ón scáileán Baile.
Cainéil a Athrú
Chun cainéil a athrú, brúigh Cainéal + nó Cainéal -.
. Má tá uimhir an chainéil ar eolas agat, clóscríobh an
uimhir leis na heochracha uimhreach. Brúigh OK tar
éis an uimhir a chur isteach chun athrú láithreach.
Is féidir leat cainéil a tiúnáil chomh maith ó Liosta
Cainéal trí OK a bhrú.
Rialuithe Tuismitheora
Chun Cainéal a Ghlasáil agus a Dhíghlasáil
Chun leanaí a chosc ó fhéachaint ar chainéal, is féidir
leat cainéal a ghlasáil. Chun féachaint ar chainéal atá
glasáilte, ní mór duit an cód PIN le 4 dhigit a chur
isteach ar dtús. Ní féidir leat cláir a ghlasáil ó
ghléasanna nasctha.
Chun cainéal a ghlasáil nó a dhíghlasáil…
1 - Brúigh MENU > Socruithe > Cainéal >
Rialuithe Tuismitheora agus brúigh OK.
2 - Cuir isteach do chód PIN más gá.
3 - Roghnaigh Cainéil Bhlocáilte agus brúigh OK.
4 - Brúigh Eochracha nascleanúna suas nó síos
chun an cainéal a bhfuil uait é a ghlasáil nó a
dhíghlasáil a roghnú, agus brúigh OK.
5 - Marcáltar cainéal glasáilte le deilbhín glaise.
6 - Mar rogha air sin, is féidir leat Blocáil gach ceann
nó Díbhlocáil gach ceann a roghnú chun gach cainéal
a bhlocáil/a dhíbhlocáil.
7 - Brúigh Ar ais, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Srianta Cláir
Is féidir leat rátáil a shocrú do chlár chun cosc a chur a
leanaí féachaint air, sa chás nach bhfuil an clár
feiliúnach dóibh.
Is féidir le cláir ar chainéil dhigiteacha a bheith rátáilte.
Nuair atá rátáil cláir mar a chéile leis an rátáil atá
socraithe agat, nó níos airde, cuirfear glas ar an
gclár. Ní mór duit an cód PIN a chur isteach ar dtús
chun féachaint ar chlár atá glasáilte.
Chun rátáil a shocrú…
19