User manual

Table Of Contents
1 - Brúigh MENU > Socruithe > Cainéal >
Rialuithe Tuismitheora agus brúigh OK.
2 - Cuir isteach do chód PIN más gá.
3 - Roghnaigh Srianta Cláir, agus brúigh OK.
4 - Roghnaigh Air chun an rátáil a shocrú.
5 - Roghnaigh Rátálacha agus brúigh OK.
6 - Socraigh na srianta do do leanaí.
7 - Brúigh Ar ais, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Chun an rátáil tuismitheora a chasadh as,
roghnaigh Gan aon cheann. Mar sin féin, ní mór duit
rátáil a shocrú i roinnt tíortha.
Ní ghlasálann an teilifís ach cláir a bhfuil rátáil níos
airde acu i gcás roinnt
craoltóirí/oibritheoirí. Socraítear an rátáil tuismitheora
do gach cainéal.
Ionchuir Blocáilte
Chun cosc a chur ar úsáid gléasanna nasctha, is féidir
leat foinse ionchuir a ghlasáil. Chun foinse ionchuir
ghlasáilte nó chun féachaint ar chainéal san fhoinse
DTV nó ATV ghlasáilte, ní mór duit an cód PIN 4 digit a
chur isteach ar dtús.
Chun foinse ionchuir a ghlasáil nó a dhíghlasáil…
1 - Brúigh MENU > Socruithe > Cainéal >
Rialuithe Tuismitheora agus brúigh OK.
2 - Cuir isteach do chód PIN más gá.
3 - Roghnaigh Ionchur Blocáilte agus brúigh OK.
4 - Brúigh Eochracha nascleanúna suas nó síos
chun an fhoinse a bhfuil uait é a ghlasáil nó a
dhíghlasáil a roghnú, agus brúigh OK.
5 - Marcáltar cainéal glasáilte le deilbhín glais.
6 - Brúigh Ar ais, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Athraigh PIN
Socraigh cód PIN nua nó athshocraigh cód
PIN. Úsáidtear an cód PIN chun cainéil nó cláir a
ghlasáil nó a dhíghlasáil.
1 - Brúigh MENU > Socruithe > Cainéal >
Rialuithe Tuismitheora agus brúigh OK.
2 - Cuir isteach do chód PIN más gá.
3 - Roghnaigh Athraigh PIN agus brúigh OK.
4 - Cuir isteach an cód PIN reatha agus cód PIN nua.
5 - Brúigh Ar ais, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
6.4
Cainéil Cheanáin
Maidir le Cainéil Cheanáin
Is féidir leat na cainéil a thaitníonn leat a bhailiú le
chéile i liosta cainéal ceanáin.
Is féidir leat 4 liosta éagsúla* de na cainéil is ansa leat
a chruthú le haghaidh zaipeáil cainéal éasca.
Agus Liosta Cainéal Ceanáin roghnaithe agat, brúigh
na hEochracha nascleanúna suas nó síos chun
cainéal a roghnú, ansin brúigh OK chun féachaint ar
an gcainéal atá roghnaithe.
*Tabhair faoi deara: Níl ach liosta cainéal ceanáin
amháin ar fáil nuair is é an Ríocht Aontaithe tír na
suiteála.
Liosta Ceanán a Athrú - Teilifís
Dhigiteach
Chun cainéal a chur le liosta ceanán…
1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh
OK chun an liosta cainéal reatha a oscailt.
2 - Brúigh Eocracha nascleanúna suas nó síos chun
cainéal a roghnú.
3 - Brúigh an Eochair ghorm chun cainéal a chur leis
an liosta ceanán (is é Ceanáin1 an liosta
réamhshocraithe). Brúigh Eochair ghorm arís chun an
cainéal a bhaint ón liosta ceanán.
4 - Brúigh Ar ais chun an roghchlár a dhúnadh.
Chun liosta cainéal ceanán a chruthú…
1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh
OK chun an liosta cainéal reatha a oscailt.
2 - Brúigh Eochair bhuí le haghaidh Roghnaigh
tuilleadh.
3 - Roghnaigh Roghnaigh Cineál > Ceanáin agus
ansin brúigh Eochracha nascleanúna suas nó síos
chun liosta a roghnú ó Cheanáin1* go Ceanáin4 a
bhfuil uait iad a chur leis an liosta.
4 - Brúigh Eochair bhuí le haghaidh Roghnaigh
tuilleadh agus ansin roghnaigh Roghnaigh Cineál
chun an liosta cainéal a athrú go dtí an liosta is fearr
leat.
5 - Brúigh an Eochair ghorm chun an cainéal a chur
leis an liosta ceanán atá díreach roghnaithe agat
Brúigh Eochair ghorm arís chun an cainéal a bhaint ón
liosta ceanán.
6 - Brúigh Ar ais chun an roghchlár a dhúnadh.
Chun cainéal a baint as an liosta ceanán, nó chun é a
bhogadh…
1 - Roghnaigh liosta ó Cheanáin1* go Ceanáin4 a
20