User manual

Table Of Contents
bhfuil uait eagar a chur orthu.
2 - Brúigh Eochair bhuí le haghaidh Roghnaigh
tuilleadh.
3 - Roghnaigh Oibríocht > Bog chun suíomhanna na
gcainéal ar an liosta cainéal ceanáin a bhogadh.
4 - Roghnaigh Oibríocht > Scrios chun na cainéil a
bhaint as an liosta cainéal ceanáin.
5 - Brúigh Ar ais, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
*Tabhair faoi deara: Níl ach liosta cainéal ceanáin
amháin ar fáil nuair is é an Ríocht Aontaithe tír na
suiteála.
Liosta Ceanán a Athrú - Teilifís
Analógach
Chun cainéal a chur le liosta ceanán…
1 - Agus tú ag féachaint ar theilifís analógach, brúigh
OK chun an liosta cainéal reatha a oscailt.
2 - Brúigh Eocracha nascleanúna suas nó síos chun
cainéal a roghnú.
3 - Brúigh an Eochair ghorm chun cainéal a chur leis
an liosta ceanán (is é Ceanáin1 an liosta
réamhshocraithe). Brúigh Eochair ghorm arís chun an
cainéal a bhaint ón liosta ceanán.
4 - Brúigh Ar ais chun an roghchlár a dhúnadh.
Chun liosta cainéal ceanán a chruthú…
1 - Agus tú ag féachaint ar teilifís analógach, brúigh
OK chun an liosta cainéal reatha a oscailt.
2 - Brúigh an Eochair bhuí chun Ceanáin a fháil.
3 - Brúigh Eochracha nascleanúna ar chlé nó ar
dheas chun liosta ó Cheanáin1* go Ceanáin4 a
roghnú le go gcuirfí leis an liosta cainéal iad.
4 - Brúigh Ar ais chun a chinntiú go bhfuil an liosta
cainéal athraithe go dtí an liosta a bhí uait.
5 - Brúigh an Eochair ghorm chun an cainéal a chur
leis an liosta ceanán atá díreach roghnaithe agat
Brúigh Eochair ghorm arís chun an cainéal a bhaint ón
liosta ceanán.
6 - Brúigh Ar ais chun an roghchlár a dhúnadh.
Chun cainéal a baint as an liosta ceanán, nó chun é a
bhogadh…
1 - Roghnaigh liosta ó Cheanáin1* go Ceanáin4 a
bhfuil uait eagar a chur orthu.
2 - Brúigh an Eochair bhuí chun Ceanáin a fháil.
3 - Roghnaigh Bog chun suíomhanna na gcainéal ar
an liosta cainéal ceanáin a bhogadh.
4 - Roghnaigh Scrios chun na cainéil a bhaint as an
liosta cainéal ceanáin.
5 - Brúigh Ar ais chun an roghchlár a dhúnadh.
*Tabhair faoi deara: Níl ach liosta cainéal ceanáin
amháin ar fáil nuair is é an Ríocht Aontaithe tír na
suiteála.
6.5
Teilifís Idirghníomhach
Maidir le iTV
Cuireann roinnt craoltóirí digiteacha a ngnáthchlár
teilifíse isteach le leathanaigh eolais nó siamsaíochta i
gcás teilifíse idirghníomhaí. Ar roinnt leathanach, is
féidir leat freagra a thabhairt do chlár nó vótáil,
siopadóireacht ar líne a dhéanamh nó íoc as físeán-ar-
éileamh.
Tagraítear do Theilifís Idirghníomhach ó am go chéile
mar Théacs Digiteach nó cnaipe Dearg. Ach is córas ar
leith gach córas.
Téigh go dtí láithreán gréasáin an chraoltóra chun
tuilleadh eolais a fháil.
A bhfuil de dhíth ort
Ní féidir teilifís Idirghníomhach a fháil ach ar chainéil
teilifíse digití. Chun leas a bhaint as na tairbhí iomlána
a bhaineann le teilifís Idirghníomhach, teastaíonn
nasc ardluais (leathanbhanda) Idirlín don teilifís.
HbbTV
Má thairgeann cainéal teilifíse leathanaigh HbbTV, ní
mór duit HbbTV a chasadh air ar dtús i socruithe na
teilifíse chun féachaint ar na leathanaigh.
Chun tacaíocht HBBTV a chasadh air
MENU > Roghanna teilifíse >
Ardroghanna > Socruithe HbbTV
Úsáid iTV
Oscail leathanaigh iTV
Tugann an chuid is mó de na cainéil a thairgeann
HbbTV nó iTV cuireadh duit an eochair datha nó an
eochair OK a bhrú chun a gclár idirghníomhach a
oscailt.
Gluaiseacht ar leathanaigh iTV
Is féidir leat na heochracha saighde agus datha, na
heochracha uimhreach agus an eochair Ar ais a úsáid
chun bogadh trí na leathanaigh iTV.
Is féidir leat na heochracha Seinn, Cuir ar
Sos agus Stop a úsáid chun féachaint ar fhíseáin
laistigh de leathanaigh iTV.
Leathanaigh iTV a dhúnadh
Insíonn tromlach na leathanach iTV duit cén eochair
21