User manual
Table Of Contents
- Ábhar
- 1 Scáileán Baile
- 2 Suiteáil
- 3 Cianrialtán
- 4 Ag Casadh Air agus As
- 5 Suiteáil Cainéal
- 6 Cainéil
- 7 Nasc Gléasanna
- 8 Bluetooth
- 9 Nasc do Android TV
- 10 Feidhmchláir
- 11 Naisc, Liosta
- 12 Socruithe
- 13 Ambilight
- 14 Físeáin, Grianghraif, Ceol & Téacs
- 15 Eolaire Teilifíse
- 16 Fóin Chliste agus Táibléid
- 17 Freeview Play
- 18 Netflix
- 19 Bogearaí
- 20 Sonraíochtaí
- 21 Cúnamh agus Tacaíocht
- 22 Sábháilteacht agus Cúram
- 23 Téarmaí Úsáide
- 24 Cóipchearta
- 25 Séanadh maidir le seirbhísí agus/nó bogearraí atá á dtairiscint ag tríú páirtithe
- Innéacs
Cainéal trí OK a bhrú.
Rialuithe Tuismitheora
Chun Cainéal a Ghlasáil agus a Dhíghlasáil
Chun leanaí a chosc ó fhéachaint ar chainéal, is féidir
leat cainéal a ghlasáil. Chun féachaint ar chainéal atá
glasáilte, ní mór duit an cód PIN le 4 dhigit a chur
isteach ar dtús. Ní féidir leat cláir a ghlasáil ó
ghléasanna nasctha.
Chun cainéal a ghlasáil nó a dhíghlasáil…
1 - Brúigh MENU > Socruithe > Cainéal >
Rialuithe Tuismitheora agus brúigh OK.
2 - Cuir isteach do chód PIN más gá.
3 - Roghnaigh Cainéil Bhlocáilte agus brúigh OK.
4 - Brúigh Eochracha nascleanúna suas nó síos
chun an cainéal a bhfuil uait é a ghlasáil nó a
dhíghlasáil a roghnú, agus brúigh OK.
5 - Marcáltar cainéal glasáilte le deilbhín glaise.
6 - Brúigh Ar ais, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Srianta Cláir
Is féidir leat rátáil a shocrú do chlár chun cosc a chur a
leanaí féachaint air, sa chás nach bhfuil an clár
feiliúnach dóibh.
Is féidir le cláir ar chainéil dhigiteacha a bheith rátáilte.
Nuair atá rátáil cláir mar a chéile leis an rátáil atá
socraithe agat, nó níos airde, cuirfear glas ar an
gclár. Ní mór duit an cód PIN a chur isteach ar dtús
chun féachaint ar chlár atá glasáilte.
Chun rátáil a shocrú…
1 - Brúigh MENU > Socruithe > Cainéal >
Rialuithe Tuismitheora agus brúigh OK.
2 - Cuir isteach do chód PIN más gá.
3 - Roghnaigh Srianta Cláir, agus brúigh OK.
4 - Roghnaigh Air chun an rátáil a shocrú.
5 - Roghnaigh Rátálacha agus brúigh OK.
6 - Socraigh na srianta do do leanaí.
7 - Brúigh Ar ais, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Chun an rátáil tuismitheora a chasadh as,
roghnaigh Gan aon cheann. Mar sin féin, ní mór duit
rátáil a shocrú i roinnt tíortha.
Ní ghlasálann an teilifís ach cláir a bhfuil rátáil níos
airde acu i gcás roinnt
craoltóirí/oibritheoirí. Socraítear an rátáil tuismitheora
do gach cainéal.
Ionchuir Blocáilte
Chun cosc a chur ar úsáid gléasanna nasctha, is féidir
leat foinse ionchuir a ghlasáil. Ní mór duit an cód PIN
4 dhigit a chur isteach ar dtús chun foinse ionchuir
glasáilte a nascadh.
Chun foinse ionchuir a ghlasáil nó a dhíghlasáil…
1 - Brúigh MENU > Socruithe > Cainéal >
Rialuithe Tuismitheora agus brúigh OK.
2 - Cuir isteach do chód PIN más gá.
3 - Roghnaigh Ionchur Blocáilte agus brúigh OK.
4 - Brúigh Eochracha nascleanúna suas nó síos
chun an fhoinse a bhfuil uait é a ghlasáil nó a
dhíghlasáil a roghnú, agus brúigh OK.
5 - Marcáltar cainéal glasáilte le deilbhín glais.
6 - Brúigh Ar ais, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Athraigh PIN
Socraigh cód PIN nua nó athshocraigh cód
PIN. Úsáidtear an cód PIN chun cainéil nó cláir a
ghlasáil nó a dhíghlasáil.
1 - Brúigh MENU > Socruithe > Cainéal >
Rialuithe Tuismitheora agus brúigh OK.
2 - Cuir isteach do chód PIN más gá.
3 - Roghnaigh Athraigh PIN agus brúigh OK.
4 - Cuir isteach an cód PIN reatha agus cód PIN nua.
5 - Brúigh Ar ais, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
6.4
Cainéil Cheanáin
Maidir le Cainéil Cheanáin
Is féidir leat na cainéil a thaitníonn leat a bhailiú le
chéile i liosta cainéal ceanáin.
Is féidir leat 4 liosta éagsúla* de na cainéil is ansa leat
a chruthú le haghaidh zaipeáil cainéal éasca.
Agus Liosta Cainéal Ceanáin roghnaithe agat, brúigh
na hEochracha nascleanúna suas nó síos chun
cainéal a roghnú, ansin brúigh OK chun féachaint ar
an gcainéal atá roghnaithe.
*Tabhair faoi deara: Níl ach liosta cainéal ceanáin
amháin ar fáil nuair is é an Ríocht Aontaithe tír na
suiteála.
19