User manual

Table Of Contents
8
Bluetooth
8.1
A bhfuil de dhíth ort
Is féidir leat gléas gan sreang a nascadh le Bluetooth®
leis an teilifís seo – callaire gan sreang nó cluasáin*.
Chun fuaim na teilifíse a sheinnt ar challaire gan
sreang, ní mór duit an callaire gan sreang a phéireáil
leis an teilifís. Ní féidir leis an teilifís ach fuaim a
sheinnt ar challaire amháin san iarraidh.
Aire - Sioncronú Fuaim le Fís
Tá 'tréimhse folaigh', mar a thugtar air, ard ag go leor
córas callairí Bluetooth. Ciallaíonn tréimhse folaigh
ard go mbíonn an fhuaim taobh thair den fhís, rud a
fhágann nach mbíonn an 'beolbheachtú'
sioncronaithe. Sula gceannóidh tú córas callairí
Bluetooth gan sreang, bí cinnte go bhfuil tú ar an
eolas faoi na múnlaí is nuaí agus aimsigh ceann a
bhfuil rátáil tréimhse folaigh íseal aige. Beidh do
mhiondíoltóir in ann comhairle a chur ort.
*Tabhair faoi deara: Seans nach n-oibreoidh
Bluetooth ar an teilifís le cluasáin gan sreang gan
cábla.
8.2
Gléas a Phéireáil
Lonnaigh an callaire gan sreang laistigh d'achar 5
méadar ón teilifís. Léigh treoir úsáideora an ghléis
chun eolas sonrach a fháil faoi phéireáil agus faoi
raon gan sreang. Cinntigh go bhfuil an socrú
Bluetooth ar an teilifís casta air.
Nuair atá callaire gan sreang péireáilte, is féidir leat é
a roghnú chun fuaim na teilifíse a sheinnt. Nuair atá
gléas péireáilte, ní gá é a phéireáil arís mura
mbainfidh tú an gléas as.
Chun gléas Bluetooth a phéireáil leis an teilifís…
1 - Cas air an gléas bluetooth agus lonnaigh laistigh
de raon na teilifíse é.
2 - Brúigh MENU > Roghanna
teilifíse > Socruithe > Cianrialtán & Oiriúintí agus
brúigh OK.
3 - Lean na treoracha ar an scáileán. Péireálfaidh tú
an gléas leis an teilifís agus stórálfaidh an teilifís an
nasc. Seans go mbeidh ort gléas atá péireáilte a
dhíphéireáil i dtosach má tá an uasmhéid na
ngléasanna péireáilte bainte amach.
4 - Brúigh Ar ais, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
8.3
Roghnaigh Gléas
Chun gléas gan sreang a roghnú…
1 - Brúigh MENU > Roghanna
teilifíse > Socruithe > Cianrialtán & Oiriúintí agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh an gléas gan sreang sa liosta agus
brúigh OK.
3 - Brúigh Ar ais, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
8.4
Athainmnigh Gléas
Chun gléas gan sreang a athainmniú…
1 - Brúigh MENU > Roghanna
teilifíse > Socruithe > Cianrialtán & Oiriúintí agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh an gléas gan sreang sa liosta agus
brúigh OK.
3 - Roghnaigh Athraigh ainm agus brúigh OK.
4 - Cuir isteach ainm nua don ghléas.
5 - Brúigh Ar ais, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
8.5
Bain Gléas as
Is féidir leat gléas Bluetooth gan sreang a dhínascadh.
A luaithe is a dhínasctar gléas Bluetooth, fillfidh an
gléas aschuir fuaime chuig callairí na teilifíse.
Chun gléas gan sreang a dhínascadh…
1 - Brúigh MENU > Roghanna
teilifíse > Socruithe > Cianrialtán & Oiriúintí agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh an gléas gan sreang sa liosta agus
brúigh OK.
3 - Roghnaigh Dínascadh agus brúigh OK.
4 - Brúigh Ar ais, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Is féidir leat gléas Bluetooth gan sreang a bhaint as
freisin. Má bhaineann tú gléas Bluetooth as,
díphéireálfar an gléas.
Chun gléas gan sreang a bhaint as…
1 - Brúigh MENU > Roghanna
teilifíse > Socruithe > Cianrialtán & Oiriúintí agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh an gléas gan sreang sa liosta agus
brúigh OK.
3 - Roghnaigh Díphéireáil agus brúigh OK.
26