User Guide

Table Of Contents
1 - - EXIT
Chun athrú ar ais d'fhéachaint teilifíse nó chun
feidhmchlár teilifíse idirghníomach a stopadh.
2 - Airde fuaime
Brúigh +- chun an airde fuaime a athrú.
3 - Eochracha uimhreach
Chun cainéal a roghnú go díreach.
4 - TEXT
Chun Téacs/Teilithéacs a oscailt nó a dhúnadh.
5 - Cainéal
Brúigh +- chun athrú go dtí an chéad chainéal eile
nó an cainéal roimhe sin i liosta na gcainéal. Chun an
chéad leathanach eile nó an leathanach roimhe sin a
oscailt in Téacs/Teilithéacs.
6 - Balbhaigh
Chun an fhuaim a bhalbhú nó a dhíbhalbhú.
7 - OPTIONS
Chun an roghchlár Roghanna a oscailt nó a dhúnadh.
Bun (do mhúnlaí sa Ríocht Aontaithe)
1 - - EXIT
Chun athrú ar ais d'fhéachaint teilifíse nó chun
feidhmchlár teilifíse idirghníomach a stopadh.
2 - Airde fuaime
Brúigh +- chun an airde fuaime a athrú.
3 - Eochracha uimhreach
Chun cainéal a roghnú go díreach.
4 - Liosta cainéal
Chun an liosta cainéal a oscailt.
5 - Cainéal
Brúigh +- chun athrú go dtí an chéad chainéal eile
nó an cainéal roimhe sin i liosta na gcainéal. Chun an
chéad leathanach eile nó an leathanach roimhe sin a
oscailt in Téacs/Teilithéacs.
6 - Balbhaigh
Chun an fhuaim a bhalbhú nó a dhíbhalbhú.
7 - OPTIONS
Chun an roghchlár Roghanna a oscailt nó a dhúnadh.
3.2
Péireáil do Chianrialtán leis
an teilifís
Baineann an cianrialtán seo úsáid as Bluetooth® agus
IR (infridhearg) araon chun a threoracha a sheoladh
chuig an teilifís.
• Is féidir leat an cianrialtán seo a úsáid via IR
(infridhreag) don chuid is mó d’oibríochtaí.
• Chun ardoibríocht cosúil le cuardach gutha agus
méarchlár an chianrialtáin a úsáid, ní mór duit an
teilifís a phéireáil (nascadh) leis an gcianrialtán.
Nuair a chuir tú tús le suiteáil bhunaidh na teilifíse,
tugann an teilifís cuireadh duit brú fada a dhéanamh
ar an eochair PAIR (SOURCES), agus leis sin, déanfar
an phéireáil.
Tabhair faoi deara:
1 - A luaithe is atá an cianrialtán imithe isteach i mód
péireála go rathúil, tosóidh an fáinne táscaire LED
gorm atá timpeall an micreafón ar aghaidh an
chianrialtáin ag caochaíl.
2 - Ní mór an cianrialtán a choinneáil gar don teilifís
(laistigh de 1 méadar) i rith péireála chun go n-
oibreoidh sé i gceart.
3 - Mura lainseálann an teilifís an réimse cuardaigh
gutha nuair a bhrúnn tú , níor éirigh leis an
bpéireáil.
4 - Moltar duit fanacht go dtí go bhfuil an teilifís
tosaithe go hiomlán agus go bhfuil gach próiseas
cúlra lainseáilte sula dtéann tú isteach i mód péireála
mar go bhféadfadh sé tarlú go dtaispeánfar an
teachtaireacht le tuilleadh treoracha ró-dheireanach
ar an scáileán, rud a d’fhéadfadh cur isteach ar an nós
imeachta péireála.
Péireáil nó péireáil arís
Má tá an phéireáil leis an gcianrialtán imithe, is féidir
10