User Guide

Table Of Contents
Mura bhfuil tú in ann an fhuaim a chloisteáil ón teilifís
ar do Chóras Amharclainne Baile, seiceáil ar nasc tú
an cábla HDMI le nasc HDMI ARC/eARC ar an gCóras
Amharclainne Baile. Is nasc HDMI ARC gach nasc
HDMI ar an teilifís. Níl HDMI eARC ar fáil ach ar HDMI
2.
7.4
Fóin Chliste agus Táibléid
Chun fón cliste nó taibléad a nascadh leis an teilifís, is
féidir leat nasc gan sreang nó sreangaithe a úsáid. I
gcás naisc gan sreang, íoslódáil an Philips TV Remote
App ó shiopa feidhmchlár go dtí d'fhón cliste nó do
thaibléad.
7.5
Seinnteoir Diosca Blu-ray
Úsáid cábla HDMI ardluais chun an seinnteoir Diosca
Blu-ray a nascadh leis an teilifís.
Má tá EasyLink HDMI CEC ag an seinnteoir Diosca Blu-
ray, is féidir leat an seinnteoir a oibriú le cianrialtán na
teilifíse .
In Cabhair, brúigh an eochair
datha Eochairfhocail agus déan cuardach do
EasyLink HDMI CEC chun tuilleadh eolais a fháil.
7.6
Bluetooth®
A bhfuil de dhíth ort
Is féidir leat gléas gan sreang a nascadh le Bluetooth®
leis an teilifís seo – callaire gan sreang nó cluasáin*. Is
féidir leat ceap stiúrtha gan sreang a nascadh le
Bluetooth® LE.
Chun fuaim na teilifíse a sheinnt ar challaire gan
sreang, ní mór duit an callaire gan sreang a phéireáil
leis an teilifís. Ní féidir leis an teilifís ach fuaim a
sheinnt ar challaire amháin san iarraidh.
Aire - Sioncronú Fuaim le Fís
Tá 'tréimhse folaigh', mar a thugtar air, ard ag go leor
córas callairí Bluetooth®. Ciallaíonn tréimhse folaigh
ard go mbíonn an fhuaim taobh thair den fhís, rud a
fhágann nach mbíonn an 'beolbheachtú'
sioncronaithe. Sula gceannóidh tú córas callairí
Bluetooth® gan sreang, bí cinnte go bhfuil tú ar an
eolas faoi na múnlaí is nuaí agus aimsigh ceann a
bhfuil rátáil tréimhse folaigh íseal aige. Beidh do
mhiondíoltóir in ann comhairle a chur ort.
*Tabhair faoi deara: Seans nach n-oibreoidh
Bluetooth® ar an teilifís i gceart le fíorchluasáin gan
sreang gan cábla.
Gléas a Phéireáil
Lonnaigh an callaire gan sreang laistigh d'achar 5
méadar ón teilifís. Léigh treoir úsáideora an ghléis
chun eolas sonrach a fháil faoi phéireáil agus faoi
raon gan sreang. Cinntigh go bhfuil an socrú
Bluetooth® ar an teilifís casta air.
A luaithe is atá ceap stiúrtha gan sreang péireáilte, is
féidir leat é a úsáid. Nuair atá callaire gan sreang
péireáilte, is féidir leat é a roghnú chun fuaim na
teilifíse a sheinnt. Nuair atá gléas péireáilte, ní gá é a
phéireáil arís mura mbainfidh tú an gléas as.
Chun gléas Bluetooth® a phéireáil leis an teilifís…
1 - Cas air an gléas Bluetooth® agus lonnaigh laistigh
de raon na teilifíse é.
2 - Roghnaigh Socruithe > Gan sreang agus
Líonraí agus brúigh (deas) chun an roghchlár a
oscailt.
3 - Roghnaigh Bluetooth > Cuardaigh Gléas
Bluetooth agus brúigh OK.
4 - Roghaigh Cuardaigh agus brúigh OK. Lean na
treoracha ar an scáileán. Péireálfaidh tú an gléas leis
an teilifís agus stórálfaidh an teilifís an nasc. Seans go
mbeidh ort gléas atá péireáilte a dhíphéireáil i
dtosach má tá an uasmhéid na ngléasanna péireáilte
bainte amach.
5 - Roghnaigh an cineál gléis agus brúigh OK.
6 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Roghnaigh Gléas
Chun gléas gan sreang a roghnú…
1 - Roghnaigh Socruithe > Gan sreang agus
Líonraí agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh Bluetooth > Cuardaigh Gléas
Bluetooth agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh an gléas gan sreang sa liosta agus
brúigh OK.
4 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Bain Gléas as
Is féidir leat gléas Bluetooth® gan sreang a nascadh
nó a dhínascadh. Is féidir leat gléas Bluetooth® gan
sreang a bhaint as freisin. Má bhaineann tú gléas
Bluetooth® as, díphéireálfar an gléas.
Chun gléas gan sreang a bhaint as nó a dhínascadh…
1 - Roghnaigh Socruithe > Gan sreang agus
32