User Guide

Table Of Contents
faoi Fheidhmchláir air.
5 - Roghnaigh an cnaipe Suiteáil agus brúigh OK
chun an feidhmchlár a shuiteáil.
Beidh fáil ar an bhfeidhmchlár a suiteáladh ar
leathanach na bhFeidhmchlár, agus is féidir é a
oscailt ón scáileán Baile Android tríd an deilbhín
Feidhmchláir ar thaobh na láimhe deise de ró na
bhFeidhmchlár a bhrú.
Téarmaí Úsáide
Ní mór duit glacadh leis na Téarmaí Úsáide chun
feidhmchláir Bhailiúchán Smart TV a shuiteáil agus a
úsáid. Murar aontaigh tú leis na téarmaí sin i rith
chéad shuiteáil na teilifíse, is féidir leat glacadh leo
níos deireanaí. A luaithe is a n-aontaíonn tú leis na
Téarmaí Úsáide, beidh roinnt feidhmchlár ar fáil
láithreach agus is féidir leat brabhsáil i mBailiúchán
Smart TV chun feidhmchláir eile a shuiteáil.
Chun glacadh leis na Téarmaí Úsáide tar éis an teilifís
a bheith suiteáilte agat…
1 - Brúigh HOME, roghnaigh Bailiúchán
Smart TV agus brúigh OK. Brúigh an eochair
Roghanna arís chun an roghchlár Roghanna a oscailt.
2 - Is féidir leat Téarmaí Úsáide a roghnú, ansin
brúigh OK chun iad a léamh.
3 - Roghnaigh Glac agus brúigh OK. Ní féidir leat dul
siar ar an bhfaomhadh seo.
4 - Brúigh Ar ais chun an roghchlár a dhúnadh.
Socruithe Príobháideachta
Is féidir leat roinnt socruithe príobháideachta a shocrú
d'fheidhmchláir Bailiúchán Smart TV.
• Is féidir leat cead a thabhairt staitisticí teicniúla a
sheoladh chuig Philips.
• Is féidir leat moltaí pearsanta a cheadú.
• Is féidir leat fianáin a cheadú.
• Is féidir leat an Glas Leanaí a chasadh air
d'fheidhmchláir a bhfuil rátáil 18+ acu.
Chun na socruithe príobháideachta i mBailiúchán
Smart TV a shocrú…
1 - Brúigh HOME, roghnaigh Bailiúchán
Smart TV agus brúigh OK. Brúigh an eochair
Roghanna arís chun an roghchlár Roghanna a oscailt.
2 - Is féidir leat Socrú Príobháideachta a roghnú,
ansin brúigh OK.
3 - Roghnaigh gach socrú agus brúigh OK chun é a
cheadú nó gan é a cheadú. Is féidir leat léamh go
mion faoi gach socrú.
4 - Brúigh Ar ais chun an roghchlár a dhúnadh.
40