User Guide

Table Of Contents
Clog
Socruithe > Réigiún agus teanga > Clog.
Ceartaigh an clog go huathoibríoch
Socruithe > Réigiún agus
teanga > Clog > Mód Uath-chloig.
• Is é Uathoibríoch an socrú caighdeánach do chlog
na teilifíse. Is as faisnéis craolta UTC - Am Uilíoch
Comhordaithe a thagann an t-eolas ama.
• Mura bhfuil an clog ceart, is féidir leat clog na
teilifíse a athrú go Ag Brath ar an Tír.
Ceartaigh an clog de láimh
Socruithe > Réigiún agus
teanga > Clog > Mód Uath-chloig > De láimh.
Socruithe > Réigiún agus
teanga > Clog > Dáta, Am.
Téigh go dtí an roghchlár roimhe sin, agus
roghnaigh Dáta agus Am chun an luach a athrú.
Tabhair faoi deara:
• Mura dtaispeánann aon cheann de na socruithe
uathoibríocha an t-am go cruinn, is féidir leat an t-am
a shocrú de láimh.
• Má sceidealaíonn tú taifeadtaí ón Eolaire Teilifíse,
molaimid duit gan an t-am agus an dáta a athrú de
láimh.
Socraigh an crios ama nó socraigh seach-chur ama
do do réigiún (níl fáil air ach do thíortha faoi leith)
Socruithe > Réigiún agus
teanga > Clog > Crios ama.
Níl an socrú Crios ama ar fáil ach nuair atá Mód Uath-
chloig socraithe go Uathoibríoch Ag brath ar an
tír.
Socraigh an teilifís chun athrú go Fuireachas go
huathoibríoch tar éis tréimhse ama réamhshainithe
Mear-Roghchlár> Socruithe Minice > Uaineadóir
codlata.
14.7
Socruithe Android
Socruithe > Socruithe Android.
Féach ar liosta na bhFeidhmchlár suiteáilte, seiceáil
an méid spáis shaor atá ar fáil chun tuilleadh
Feidhmchlar a íoslódáil nó díshuiteáil Feidhmchlár.
14.8
Socruithe Rochtana Uilíche
Socruithe > Rochtain Uilíoch.
Nuair atá Inrochtaineacht Uilíóch casta air, ullmhaítear
an teilifís dóibh siúd atá bodhar, a bhfuil lagú
éisteachta orthu, dall nó a bhfuil lagú amhairc orthu.
Cas air socruithe rochtana uilíche
Socruithe > Rochtain uilíoch > Rochtain
uilíoch > Air.
Rochtain uilíoch dóibh siúd a bhfuil lagú éisteachta
acu
Socruithe > Rochtain uilíoch > Lagú
éisteachta > Air.
• Craolann roinnt cainéal teilifíse digití fuaim agus
fotheideal speisialta atá curtha in oiriúint dóibh siúd a
bhfuil lagú éisteachta orthu nó do dhaoine atá
bodhar.
• Nuair atá Lagú Éisteachta casta air, athraíonn an
teilifís go huathoibríoch go dtí an fhuaim agus na
fotheidil atá curtha in oiriúint, más ann dóibh.
Rochtain uilíoch dóibh siúd atá dall nó a bhfuil lagú
amhairc acu
Socruithe > Rochtain uilíoch > Cur síos
fuaime > Cur síos fuaime > Air
Tá cainéil teilifíse dhigiteacha in ann tráchtaireacht
speisialta fuaime a chraoladh a chuireann síos ar a
bhfuil ag tarlú ar an scáileán.
Socruithe > Rochtain uilíoch > Cur síos
fuaime > Airde fuaime measctha, Éifeachtaí fuaime,
Caint.
• Roghnaigh Airde fuaime measchta, is féidir leat airde
fuaime na gnáthfuaime a mheascadh leis an
tráchtaireacht fuaime. Brúigh na saigheada (suas)
(síos) chun an luach a athrú.
• Socraigh Éifeacht fuaime go Air chun éifeachtaí
fuaime breise a fháil sa tráchtaireacht fuaime, cosúil
le steiréó nó fuaim chéimneach.
• Roghnaigh Caint chun roghanna cainte a
shocrú, Tuairisciúil nó Fotheidil.
Feabhsú dialóige
Socruithe > Rochtain uilíoch > Feabhsú dialóige.
Méadaigh intuigtheacht dialóige agus tráchtaireachta,
más ann dó. Níl fáil air ach amháin nuair atá an socrú
fuaime Clear dialogue Air agus nuair is AC-4 an sruth
fuaime.
63