User Guide

Table Of Contents
27
Cúnamh agus
Tacaíocht
27.1
Cláraigh do theilifís
Cláraigh do theilifís agus bain leas as raon tairbhí lena
n-áirítear tacaíocht iomlán (íoslódálacha san
áireamh), rochtain phribhléideach a fháil ar fhaisnéis
maidir le táirgí nua, tairiscintí agus lascainí eisiacha
agus an deis duaiseanna a bhuachan agus fiú páirt a
ghlacadh i suirbhéanna speisialta faoi eisiúintí nua.
Tabhair cuairt ar www.philips.com/TVsupport
27.2
Cabhair a Úsáid
Tairgeann an teilifís seo cabhair ar an scáileán .
Oscail Cabhair
Brúigh an eochair (gorm) chun Cabhair a oscailt
láithreach. Osclóidh Cabhair sa chaibidil is mó atá
ábhartha dó sin atá ar siúl agat nó air sin atá
roghnaithe ar an teilifís. Chun cuardach a dhéanamh
do thopaicí de réir na haibítre, brúigh an eochair
datha Eochairfhocail .
Chun Cabhair a léamh mar leabhar, roghnaigh
Leabhar.
Is féidir leat freisin Cabhair a oscailt sa Mhear-
roghchlár.
Sula dtugann tú faoi na treoracha a fuair tú i gCabhair,
dún Cabhair.
Chun Cabhair a dhúnadh, brúigh an eochair
datha Dún .
I gcás gníomhaíochtaí áirithe, cosúíl le Téacs
(Teilithéacs), tá feidhmeanna sonracha ag na
heochracha dathanna agus ní féidir leo Cabhair a
oscailt.
Cabhair teilifíse ar do tháibléad, d'fhón cliste nó do
ríomhaire
Chun go n-éascófaí seichimh fada treoracha, is féidir
leat Cabhar teilifís a íoslódáil i bhformáid PDF le
haghaidh a léite ar d'fhón cliste, taibléad nó
ríomhaire. Mar rogha air sin, is féidir leat an
leathanach ábhartha ó Chabhair a phriontáil ó do
ríomhaire.
Chun Cabhair (an treoir úsáideora) a íoslódáil, téigh
go dtí www.philips.com/TVsupport
 Mear-roghchlár > Cabhair
Is féidr leat an fheidhm Cabhair a úsáid chun do
theilifís a dhiagnóisiú agus chun tuilleadh eolais a
fháil fúithi.
Eolas faoin teilifís - Féach ar ainm an Mhúnla, an
tSraithuimhir agus leagan Bogearraí do theilifíse.
An chaoi le - Is féidir leat treoracha a fháil faoin
gcaoi cainéil a shuiteáil nó a shórtáil, bogearraí na
teilifíse a nuashonrú, gléasanna seachtracha a
nascadh agus feidhmeanna cliste do theilifíse a
úsáid.
Diagnóis teilifíse - Bain úsáid as an diagnóis teilifíse
chun riocht do theilifíse a sheiceáil.
Féin-diagnóis - Is féidir leat a sheiceáil an bhfuil an
pictiúr, fuaim, líonra agus socruithe eile ag obair mar
ba cheart.
Nuashonraigh bogearraí - Seiceáil na
nuashonruithe bogearraí atá ar fáil.
Treoir Úsáideora - Léigh an treoir úsáideora chun
eolas faoin teilifís a fháil.
Fabhtcheartú - Aimsigh réiteach do cheisteanna a
chuirtear go minic.
Socruithe réamhshainithe - Athshocraigh gach
socrú go dtí na socruithe réamhshainithe.
• - Athshuiteáil teilifís - Athshuiteáil an teilifís go
hiomlán.
Eolas teagmhála - Taispeáin an uimhir theileafóin
nó suíomh gréasáin do do thír nó do réigiún.
27.3
Diagnóis teilifíse agus Féin-
diagnóis
Diagnóis teilifíse
Is féidir leat an tástáil Diagnóis teilifíse a dhéanamh
chun riocht do theilifíse a sheiceáil. Glanfaidh an
teilifís an chuimhne thaisce ag deireadh na diagnóise
agus dúnfar aon fheidhmchlár nach bhfuil in úsáid le
go leanfar le feidhmiú ceart do theilifíse.
Chun an tástáil diagnóise teilifíse a dhéanamh…
1 - Roghnaigh Mear-Roghchlár >
Cabhair > Diagnóis teilifíse agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh Tosaigh chun sraith tástálacha
diagnóiseacha a dhéanamh.
3 - Nuair a bheidh an tástáil déanta, is féidir leat
féachaint ar stádas na míreanna seo a leanas.
- Cianrialtán
- Cumhacht
- Pictiúr
- Fuaim
- Gléasanna seachtracha
- Líonra
- Tiúnóir
- Stóráil
- Glan an Chuimhne Thaisce
91