operation manual

18
Sonraíochtaí
18.1
Comhshaol
Lipéad Fuinnimh na hEorpa
Cuireann Lipéad Fuinnimh na hEorpa ar an eolas tú
maidir le haicme éifeachtacht fuinnimh an táirge seo.
Dá ghlaise aicme éifeachtacht fuinnimh an táirge, is
ea is lú fuinnimh a thomhlaíonn sé.
Is féidir leat aicme éifeachtacht fuinnimh,
meántomhaltas cumhachta an táirge seo nuair atá sé
i mbun úsáide agus meántomhaltas cumhachta ar
feadh 1 bliain a fháil ar an lipéad. Is féidir leat freisin
luachanna tomhaltais cumhachta don táirge seo a
fháil ar shuíomh gréasáin Philips i do thír féin ag
www.philips.com/TV
Comhad Táirge
55PUS8700
• Aicme Éifeachtacht Fuinnimh : B
• Méid Scáileáin Infheicthe : 139 cm / 55 orlach
• Tomhaltas Cumhachta sa Mhodh Air (W) : 122 W
• Tomhaltas Fuinnimh Bliantúil (kWh) * : 178 kWh
• Tomhaltas Cumhachta ar Fuireachas (W) ** : 0.50 W
• Taifeach Taispeána (Picteilíní) : 3840 x 2160p
65PUS8700
• Aicme Éifeachtacht Fuinnimh : B
• Méid Scáileáin Infheicthe : 164 cm / 65 orlach
• Tomhaltas Cumhachta sa Mhodh Air (W) : 161W
• Tomhaltas Fuinnimh Bliantúil (kWh) * : 235 kWh
• Tomhaltas Cumhachta ar Fuireachas (W) **: 0.50 W
• Taifeach Taispeána (Picteilíní) : 3840 x 2160p
* Tomhaltas kWh fuinnimh in aghaidh na bliana,
bunaithe ar thomhaltas cumhachta teilifíse atá ag
feidhmiú 4 uair in aghaidh an lae ar feadh 365 lá.
Braitheann an tomhaltas fuinnimh iarbhír ar an gcaoi
a mbaintear úsáid as an teilifís.
** Nuair a chastar an teilifís as leis an gcianrialtán agus
nuair nach bhfuil aon fheidhm gníomhach.
Deireadh Úsáide
Do sheantáirge agus do cheallraí a dhiúscairt
Dearadh agus monaraíodh do tháirge le hábhair agus
comhpháirteanna ar ardchaighdeán ar féidir iad a
athchúrsáil agus a athúsáid.
Nuair a bhíonn tá an tsiombail seo d'araid rothaí a
bhfuil cros air ar tháirge, ciallaíonn sé go bhfuil an
táirge clúdaithe ag Treoir Eorpach 2002/96/CE.
Cuir tú féin ar an eolas le do thoil faoin gcóras
bailiúcháin áitiúil ar leith do tháirgí leictreacha agus
leictreonacha.
Cloígh leis na rialacha áitiúla atá i bhfeidhm le do thoil
agus ná diúscair do sheantáirgí le do
ghnáthdhramhaíl tí. Nuair a dhiúscraíonn tú do
sheantáirge i gceart, cabhraíonn sé iarmhairtí a
d'fhéadfadh a bheith díobhálach don chomhshaol
agus do shláinte an duine a chosc.
Tá ceallraí i do tháirge atá san áireamh i dTreoir an
Chomhphobail Eorpaigh 2006/66/EC, nach féidir iad
a dhiúscairt le gnáthdhramhaíl tí.
Cuir tú féin ar an eolas le do thoil faoi rialacha áitiúla
maidir le bailiú ar leith ceallraí mar go gcabhróidh
diúscairt chuí iarmhairtí díobhálacha don chomhshaol
agus do shláinte an duine a chosc.
18.2
Cumhacht
Tá sonraíochtaí an táirge faoi réir athraithe gan fógra.
Chun tuilleadh sonraí maidir le sonraíochtaí an táirge
seo a fháil, féach ar www.philips.com/support
Cumhacht
• Príomhchumhacht: AC 220-240V +/-10%
• Teocht chomhthimpeallach : 5°C go 35°C
• Gnéithe Choigilt Cumhachta : Gnéithe choigilt
cumhachta : Éicea-mód, Balbhaigh pictiúr (do raidió),
Múch uaineadóir go huathoibríoch, Roghchlár Éicea-
socruithe.
Chun faisnéis faoi thomhaltas cumhachta a fháil,
féach ar an gcaibidil Product Fiche.
Is é an rátáil cumhachta atá ar chlár cineáil an táirge
tomhaltas cumhachta don táirge seo i rith gnáthúsáid
tí (IEC 62087 Ed.2). Úsáidtear an rátáil cumhachta is
airde, scríofa idir lúibíní, chun críche sábháilteachta
leictrí (IEC 60065 Ed. 7.2).
114