operation manual

Amharclainne Baile a bhfuil seinnteoir diosca acu
chun an fhuaim a mheaitseáil leis an fhís.
Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh
Eochairfhocail
agus déan cuardach do Sionc Fuaim le Fís.
Nasc le HDMI
Úsáid an cábla HDMI chun Córas Amharclainne Baile
(HTS) a nascadh leis an teilifís. Is féidir leat Philips
Soundbar a nascadh nó HTS a bhfuil seinnteoir
diosca ionsuite aige.
Mura bhfuil aon nasc HDMI ARC ag an gCóras
Amharclainne Baile, úsáid cábla fuaime optúil
(Toslink) chun fuaim na teilifíse a sheoladh go dtí an
Córas Amharclainne Baile.
Sioncronú fuaime go físe (sionc)
Mura meaitseálann an fhuaim an fhís ar an scáileán, is
féidir leat moill a shocrú ar an gcuid is mó de Chórais
Amharclainne Baile a bhfuil seinnteoir diosca acu
chun an fhuaim a mheaitseáil leis an fhís.
Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh
Eochairfhocail
agus déan cuardach do Sionc Fuaim le Fís.
Socraithe d'Fhuaim Amach
Formáid Fuaime Amach
Má tá Córas Amharclainne Baile agat a bhfuil an
cumas aige fuaim ilchainéil a phróiseáil, leithéidí
Dolby Digital, DTS® nó a macasamhail, athraigh an
socrú don fhormáid Fuaim Amach go Ilchainéal.
Ligeann an socrú Ilchainéal don teilifís an comhartha
fuaime ilchainéil comhbhrúite a sheoladh ó chainéal
teilifíse nó seinnteoir nasctha go dtí an Córas
Amharclainne Baile. Má tá Córas Amharclainne Baile
agat nach bhfuil próiseáil fuaime ilchainéil aige,
roghnaigh Steiréó.
Chun an Fhormáid Fuaime Amach a shocrú…
1 - Brúigh
, roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Fuaim agus brúigh
(deas) chun
an roghchlár a oscailt.
3 - Roghnaigh Ardsocruithe > Formáid Fuaime
Amach agus brúigh OK.
4 - Roghnaigh Ilchainéal Steiréó,
ansin brúigh OK.
5 - Brúigh
(clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Leibhéaladh Fuaime Amach
Úsáid an socrú Leibhéaladh Fuaime Amach chun
airde fuaime (treise) na teilifíse agus an Chórais
Amharclainne Baile a chothromú nuair a athraíonn tú
ó cheann amháin go ceann eile. Is féidir le difríochtaí i
bpróiseáil fuaime a bheith in n-údar do dhifríochtaí in
airde fuaime.
Chun an difríocht san airde fuaime a leibhéaladh…
1 - Brúigh
, roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Fuaim agus brúigh
(deas) chun
an roghchlár a oscailt.
3 - Roghnaigh Ardsocruithe > Leibhéaladh Fuaime
Amach agus brúigh OK.
4 - Roghnaigh Níos mó, Meánach, nó Níos lú,
ansin brúigh OK.
5 - Má tá difríocht mhór san airde fuaime, roghnaigh
Níos Mó. Má tá difríocht bheag san airde fuaime,
roghnaigh Níos Lú.
6 - Brúigh
(clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Baineann Leibhéaladh Fuaime Amach le comharthaí
fuaime Fuaim Amach - Optúil agus HDMI ARC
araon.
Moill ar Fhuaim Amach
Nuair atá Córas Amharclainne Baile (HTS) nasctha leis
an teilifís, ba cheart go mbeadh an pictiúr ar an teilifís
agus an fhuaim ón HTS sioncronaithe.
Sioncronú uathoibríoch fuaime go físe
Bíonn an fhuaim sioncronaithe le fís go huathoibríoch
leis na Córais Amharclainne Baile is nuaí ó Philips,
agus bíonn sé i gcónaí ceart.
Moill sionc Fuaime
I gcás roinnt Córas Amharclainne Baile, tá an seans
ann go mbeidh ort an mhoill sionc Fuaime a
mhionathrú chun an fhuaim a shioncronú leis an
bhfís. Ardaigh an luach moille ar an gCóras
Amharclainne Baile go dtí go meaitseálann an pictiúr
agus an fhuaim. D'fhéadfadh luach moille de 180ms a
bheith ag teastáil. Léigh treoir úsáideora an Chórais
Amharclainne Baile. Beidh ort an mhoill ar Fhuaim
amach ar an teilifís a chasadh as nuair atá luach
moille socraithe ar an gCóras Amharclainne Baile.
Chun an Mhoill ar Fhuaim Amach a chasadh as…
18