operation manual

Clé/Deas / Scart Fuaime-Físe
Is féidir leat nasc HDMI, YPbPr nó SCART a úsáid
chun do cheamthaifeadán a nascadh. Mura bhfuil ach
aschur Físe (CVBS) agus Fuaime Clé/Deas ag do
cheamthaifeadán, úsáid cuibheoir Físe Fuaime
Clé/Deas go SCART (díoltar as féin é) chun nascadh
leis an nasc SCART.
4.15
Ríomhaire
Nasc
Is féidir leat do ríomhaire a nascadh leis an teilifís
agus an teilifís a úsáid mar mhonatóir ríomhaire.
Le HDMI
Úsáid cábla HDMI chun an ríomhaire a nascadh leis
an teilifís.
DVI go HDMI
Mar rogha air sin, is féidir leat cuibheoir DVI go HDMI
a úsáid (díoltar as féin é) chun an ríomhaire a nascadh
le HDMI agus cábla fuaime Clé/Deas (mion-seac
3.5mm) le AUDIO IN - L/R ar chúl na teilifíse.
Socruithe
Má chuirtear do ríomhaire isteach sa roghchlár Foinse
(liosta nasc) mar ghléas den chineál Ríomhaire,
socraítear an teilifís don socrú is fearr Ríomhaire go
huathoibríoch.
Má úsáideann tú do ríomhaire chun féachaint ar
scannáin nó cluichí a imirt, b'fhéidir go mbeidh uait
socrú na teilifíse a athrú ar ais go dtí an socrú is fearr
chun féachaint ar chláir teilifíse nó cluichíochta.
Chun an teilifís a shocrú de láimh go dtí an socrú is
fearr a fheileann…
1 - Brúigh
, roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Pictiúr agus brúigh
(deas) chun an
roghchlár a oscailt.
3 - Roghnaigh Ardsocruithe > Cluiche nó
Ríomhaire, agus brúigh OK.
4 - Roghnaigh Cluiche (do chluichíocht) nó
roghnaigh Ríomhaire (chun féachaint ar scannán).
5 - Brúigh
(clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Ná déan dearmad an socrú Cluiche nó Ríomhaire a
athrú go As nuair a éiríonn tú as imirt an chluiche.
23