operation manual

D'ainneoin go bhfuil tomhaltas cumhachta an-íseal
ag an teilifís seo nuair atá sé ar fuireachas, bain
amach an cábla cumhachta chun fuinneamh a
shábháil mura mbeidh an teilifís in úsáid ar feadh
tréimhse fada.
Brúigh an eochair datha
Eochairfhocail agus déan
cuardach do Casadh air chun tuilleadh eolais a fháil
faoin gcaoi an teilifís a chasadh air agus as.
2.5
Cábla na hAeróige
Cuir isteach pluga na haeróige go daingean sa
soicéad Aeróige ar chúl na teilifíse.
Is féidir leat d'aeróg féin a nascadh nó nasc a
dhéanamh le comhartha aeróige ó chóras dáilte
aeróige. Úsáid nascóir aeróige IEC Coax 75 Ohm RF.
Úsáid an nasc aeróige seo do chomharthaí ionchuir
DVB-T agus DVB-C.
2.6
Mias Satailíte
Cúnamh sainiúil
Seans go mbeidh ort cúnamh sainiúil a fháil nuair atá
córas mhias satailíte á shocrú suas agat. D'fhéadfaí
suiteáil do chórais satailíte a bheith níos casta mar
gheall ar shuiteáil atá déanta cheana ach nach bhfuil
fhios agat fúithi nó coinníollacha áitiúla na glacachta
satailíte. Mura ndéanfaí an tsuiteáil i gceart, d'fhéadfaí
damáiste leictreach a dhéanamh don teilifís.
Rabhadh:
Nuair atá LNB Uilíoch ar do mhias satailíte, ná húsáid
scoilteoirí cábla mura bhfuil suiteáil Unicable á úsáid
agat.
Tuner amháin
Ní mór duit 2 chábla comhionanna a nascadh ó do
mhias satailíte go dtí an teilifís chun féachaint ar
chainéal satailíte agus chun cainéal eile a thaifeadadh
ag an am céanna. Mura bhfuil ar fáil agat ach 1 cábla,
ní féidir leat féachaint ar aon chainéal ach amháin an
ceann a bhfuil tú ag taifeadadh air.
Nasc an cábla ón mias satailíte go díreach go dtí an
nasc SAT 1. Úsáid cábla comhaiseach atá in ann
mias aeróige satailíte a nascadh. Cinntigh go bhfuil do
mhias satailíte ailínithe go foirfe sula dtosóidh tú an
tsuiteáil.
Roghnaigh Tiúnóir Amháin i rith na suiteála satailíte.
Dhá Thiúnóir
Ní mór duit 2 chábla comhionanna a nascadh ó do
mhias satailíte go dtí an teilifís chun féachaint ar
chainéal satailíte agus chun cainéal eile a thaifeadadh
ag an am céanna.
Nasc an chéad chábla ón mias satailíte go díreach leis
an nasc SAT 1 agus nasc an dara cábla le SAT 2.
Úsáid cábla comhaiseach atá in ann mias aeróige
satailíte a nascadh. Cinntigh go bhfuil do mhias
satailíte ailínithe go foirfe sula dtosóidh tú an tsuiteáil.
Roghnaigh Dhá Tiúnóir i rith na suiteála satailíte.
7