operation manual

Cóipeáil Liosta Cainéal
Réamheolas
Is do dhíoltóirí agus do shainúsáideoirí amháin atá
Cóipeáil Liosta Cainéal beartaithe. Níl Cóipeáil Liosta
Cainéal ar fáil i roinnt tíortha ach amháin do chóipeáil
cainéal satailíte.
Is féidir leat na cainéil atá suiteáilte ar theilifís amháin
a chóipeáil go dtí teilifís Philips eile den déanamh
céanna le Cóipeáil Liosta Cainéal. Seachnaíonn tú
cuardach cainéal fada trí liosta cainéal atá
réamhshainithe a uaslódáil le Cóipeáil Liosta Cainéal.
Úsáid méaróg chuimhne USB a bhfuil ar a laghad 1 GB
de spás saor uirthi.
Coinníollacha
• Is ón raon bliana céanna an dá teilifís.
• Tá an cineál crua-earraí céanna ag an dá teilifís.
Féach ar an gcineál crua-earraí ar chlár chineál na
teilifíse ar chúl na teilifíse. Go hiondúil, Q atá ann. . .
LA
• Tá leaganacha bogearraí ag an dá theilifís atá
comhoiriúnach.
Leagan bogearraí reatha
Is féidir leat leagan reatha bhogearraí na teilifíse a
sheiceáil in
> Nuashonraigh Bogearraí > Eolas
Bogearraí Reatha.
Cóipeáil Liosta Cainéal
Chun liosta cainéal a chóipeáil…
1 - Cas air an teilifís. Ba cheart go mbeadh cainéil
suiteáilte ag an teilifís seo.
2 - Plugáil isteach méaróg chuimhne USB.
3 - Brúigh
, roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
4 - Roghnaigh Socruithe Ginearálta agus
brúigh
(deas) chun an roghchlár a oscailt.
5 - Roghnaigh Cóipeáil Liosta Cainéal agus
roghnaigh Cóipeáil chuig USB. D'fhéadfaí iarraidh ort
an cód PIN Glais Leanaí a chur isteach chun an liosta
cainéal a chóipeáil.
6 - Nuair atá an chóipeáil déanta, bain amach pluga
an mhéaróg chuimhne USB.
7 - Brúigh
(clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Is féidir leat an liosta cainéal atá cóipeáilte a uaslódáil
anois go dtí teilifís Philips eile.
Uaslódáil Liosta Cainéal
Teilifíseanna nach bhfuil suiteáilte
Ag brath ar do theilifís a bheith suiteáilte cheana féin
nó gan a bheith suiteáilte, ní mór duit bealach éagsúil
a úsáid chun liosta cainéal a uaslódáil.
Go dtí teilifís nach bhfuil suiteáilte fós
1 - Plugáil isteach an pluga cumhachta chun an
tsuiteáil a thosú agus roghnaigh teanga agus tír. Is
féidir leat dul thar an gcuardach cainéal. Críochnaigh
an tsuiteáil.
2 - Plugáil isteach an mhéaróg chuimhne USB a
bhfuil liosta cainéal na teilifíse eile air.
3 - Brúigh
chun an uaslódáil liosta cainéal a
thosú.
4 - Roghnaigh Socruithe Ginearálta agus
brúigh
(deas) chun an roghchlár a oscailt.
5 - Roghnaigh Cóipeáil Liosta Cainéal agus
roghnaigh Cóipeáil chuig Teilifís. D'fhéadfaí iarraidh
ort an cód PIN Glais Leanaí na teilifíse seo a chur
isteach.
6 - Cuirfidh an teilfís ar an eolas tú má chóipeáiltear
an liosta cainéal go dtí an teilifís go rathúil. Bain
amach an mhéaróg chuimhne USB.
Teilifíseanna Suiteáilte
Ag brath ar do theilifís a bheith suiteáilte cheana féin
nó gan a bheith suiteáilte, ní mór duit bealach éagsúil
a úsáid chun liosta cainéal a uaslódáil.
Go dtí teilifís atá suiteáilte cheana féin
1 - Fíoraigh socrú tíre na teilifíse. (Chun an socrú seo
a fhíorú, brúigh
. Roghnaigh Suiteáil
Aeróige/Cábla agus roghnaigh Athshuiteáil cainéil.
Brúigh
agus ina dhiaidh sin Cealaigh chun an
tsuiteáil a fhágáil.)
Má tá an tír ceart, téigh ar aghaidh go dtí céim 2.
Mura bhfuil an tír ceart, ní mór duit athshuiteáil a
thosú. Chun an athshuiteáil a thosú,
brúigh
. Roghnaigh Suiteáil Aeróige/Cábla agus
roghnaigh Athshuiteáil cainéil. Roghnaigh an tír
cheart agus gabh thar an gcuardach cainéil.
Críochnaigh an tsuiteáil. Nuair atá sé sin déanta agat,
lean ar aghaidh le céim 2.
2 - Plugáil isteach an mhéaróg chuimhne USB a
bhfuil liosta cainéal na teilifíse eile air.
3 - Chun uaslodáil an liosta cainéal a
thosú, brúigh
.
4 - Roghnaigh Socruithe Ginearálta agus
brúigh
(deas) chun an roghchlár a oscailt.
5 - Roghnaigh Cóipeáil Liosta Cainéal agus
roghnaigh Cóipeáil chuig teilifís. D'fhéadfaí iarraidh
ort an cód PIN Glais Leanaí na teilifíse seo a chur
isteach.
6 - Cuirfidh an teilfís ar an eolas tú má chóipeáiltear
an liosta cainéal go dtí an teilifís go rathúil. Bain
amach an mhéaróg chuimhne USB.
72