User manual

4
Suiteáil
4.1
Léigh Sábháilteacht
Léigh na treoracha sábháilteachta i dtosach sula n-
úsáideann tú an teilifís.
Chun na treoracha a léamh, in Cabhair > Treoir
úsáidreora, brúigh an eochair
datha Eochairfhocail agus déan cuardach do
Sábháilteacht agus Cúram.
4.2
Lonnú Teilifíse
Leideanna maidir le Láithriú
• Cuir an teilifís in áit nach bhfuil solas ag lonrú go
díreach ar an scáileán.
• Socraigh an teilifís suas le 15 cm ón mballa.
• Is é an t-achar féachana is fearr chun féachaint ar
Ultra HD TV ná idir is 2 agus 5 oiread airde a
scáileáin. Nuair atá tú i do shuí, ba cheart go mbeadh
do shúile ar an leibhéal céanna le lár an scáileáin.
Tabhair faoi deara:
Coinnigh an teilifís amach ó fhoinsí as a dtagann
dusta, cosúil le soirn. Moltar duit an dusta a ghlanadh
go rialta ionas nach ngabhfaidh sé isteach sa teilifís.
Seastán teilifíse
Is féidir leat na treoracha chun an seastán teilifíse a
ghléasadh a fháil sa Treoir Mhearthosaithe a tháinig
leis an teilifís. Is féidir leat an treoir seo a íoslódáil ó
www.philips.com/TVsupport sa chás gur chaill tú í.
Úsáid uimhir múnla na teilifíse chun cuardach a
dhéanamh don Treoir Mearthosaithe atá le híoslódáil.
Gléasadh Balla
Tá do theilifís ullmhaithe freisin do bhrac atá
comhlíontach le VESA chun í a ghléasadh ar an
mballa (díoltar leis féin é).
Úsáid an cód VESA seo a leanas nuair atá an
gléasadh balla á cheannach agat. . .
• 43PUS6504
VESA MIS-F 200x200, M6 (Íosmhéid 12 mm,
Uasmhéid 18 mm)
• 50PUS6504
VESA MIS-F 200x200, M6 (Íosmhéid 12 mm,
Uasmhéid 18 mm)
• 58PUS6504
VESA MIS-F 300x200, M6 (Íosmhéid 16 mm,
Uasmhéid 20 mm)
• 65PUS6504
VESA MIS-F 400x300, M6 (Íosmhéid 12 mm,
Uasmhéid 18 mm)
• 70PUS6504
VESA MIS-F 400x200, M8 (Íosmhéid 18 mm,
Uasmhéid 23 mm)
Ullmhúchán
Cinntigh go dtéann na scriúnna miotail thart ar 10mm
isteach i mboisc shnáithithe na teilifíse chun an teilifís
a ghléasadh ar an mbrac atá oiriúnach le VESA.
Rabhadh
Teastaíonn scileanna sainiúla chun an teilifís a
ghléasadh ar an mballa agus ní ceart d'aon duine ach
pearsanra atá cáilithe tabhairt faoi. Ba cheart go
gcomhlíonfadh gléasadh balla na teilifíse caighdeáin
sábháilteachta atá bunaithe ar mheáchan na teilifís.
Léigh na réamhchúraim shábháilteachta ar dtús
freisin sula lonnóidh tú an teilifís.
Ní bheidh TP Vision Europe B.V. freagrach as aon
ghléasadh míchuí ná gléasadh ar bith a éiríoinn
timpiste nó gortú as.
10