User manual

Comhpháirt
Is nasc ardchaighdeánY Pb Pr- Fís Chomhpháirte.
Is féidir an nasc YPbPr a úsáid le haghaidh
comharthaí teilifíse Ardghléine (HD). Cuir isteach na
comharthaí Fuaime Clé agus Deas in aice leis na
comharthaí Y, Pb agus Pr.
Meaitseáil na dathanna nascóra YPbPr (uaine, gorm,
dearg) le plugaí na gcábla nuair a nascann tú.
Úsáid cábla Fuaime Clé/Deas má tá fuaim ag do
ghléas chomh maith.
Comhábhar
Is nasc ar ghnáthchaighdeán CVBS - Fís
Ilchodach. Tá na comharthaí Fuaime Clé agus Deas
in aice leis an gcomhartha CVBS.
• Roinneann Y an seac céanna le CVBS.
• Roinneann Comhpháirt agus Ilchodach seaiceanna
fuaime.
5.5
Gléas Fuaime
HDMI ARC
Níl HDMI ARC ach ag HDMI 1 ar an teilifís (Cainéal
Fillte Fuaime).
Má tá an nasc HDMI ARC ag an ngléas freisin, ar
gnách gur Córas Amharclainne Baile (HTS) é, nasc le
HDMI 1 ar an teilifís seo é. Ní chaithfidh an cábla
fuaime breise a sheolann fuaim na teilifíse go dtí an
HTS a bheith agat nuair atá nasc HDMI ARC ann. Tá
an dá chomhartha sa nasc HDMI ARC.
Fuaim Amach Dhigiteach - Optúil
Nasc fuaime ar ardchaighdeán é Fuaim Amach -
Optúil.
Tá an nasc optúil seo in ann 5.1 cainéal fuaime a
iompar. Mura bhfuil aon nasc HDMI ARC ar do ghléas,
ar ghnách gur Córas Amharclainne Baile (HTS) é, is
féidir leat an nasc seo a úsáid leis an nasc Fuaime
Isteach - Optúil ar an HTS. Seolann an nasc Fuaime
Amach - Optúil an fhuaim ón teilifís go dtí an HTS.
13