User manual

Má tá uait gléas a bhí nasctha cheana féin a bhlocáil,
ní mór duit an liosta nasc Wi-Fi Miracast a ghlanadh
ar dtús. Má ghlanann tú an liosta seo, beidh ort an
nasc do gach gléas a dhearbhú nó a bhlocáil arís.
Athshocraigh naisc Wi-Fi Miracast
Tá gach gléas a nascadh roimhe seo stóráilte i liosta
nasc Wi-Fi Miracast.
Chun gach gléas nasctha Miracast a ghlanadh…
(Baile) > Socruithe > Gach socrú > Líonra >
Athshocraigh naisc Wi-Fi Miracast.
Moill Scáileáin
Isteach is amach le 1 soicind an ghnáthmhoill nuair
atáthar ag roinnt scáileán le Miracast. D'fhéadfadh an
mhoill a bheith níos faide má tá gléasanna/ríomhairí
níos sine in úsáid agat a bhfuil níos lú cumhachta
próiseála acu.
Feidhmchláir - Philips TV Remote
App
Tá tú i gceannas ar na meáin atá mórthimpeall ort leis
an TV Remote App. Seol grianghraif, ceol nó físeáin
chuig do scáileán mór teilifíse nó féach ar aon cheann
de do chainéil teilifíse beo ar do thaibléad nó ar
d'fhón. Fiosraigh a bhfuil uait féachaint air san Eolaire
Teilifíse agus féach air ar d'fhón nó ar an teilifís. Is
féidir leat d'fhón a úsáid mar chianrialtán leis an TV
Remote App*.
Íoslódáil an Philips TV Remote App ón siopa
feidhmchlár is ansa leat inniu.
Tá TV Remote App Philips ar fáil in aisce do iOS agus
Android.
* Nuair a úsáideann tú d'fhón mar chianrialtán, ní
féidir an teilifís a chasadh air nó as le d’fhón.
5.7
Gléas eile
CAM le Cárta Cliste - CI+
Maidir le CI+
Tá an teilifís seo réidh do Rochtain Choinníollach CI+.
Is féidir leat féachaint ar scothchláir HD, cosúil le
scannáin agus cláir spóirt atá curtha ar fáil ag
oibritheoirí teilifíse digití i do réigiún le CI+. Déanann
an t-oibritheoir teilifíse scrobhadh ar na cláir seo agus
díscrobhtar iad le modúl CI+ réamhíoctha.
Cuireann oibritheoirí teilifíse digití modúl CI+ (Modúl
Rochtana Coinníollach - CAM) ar fáil mar aon le cárta
cliste a ghabhann leis, nuair a liostálann tú lena gcláir
phréimhe. Bíonn ardleibhéal cosanta ar chóipeáil ag
an cláir seo.
Déan teagmháil le oibritheoir teilifíse digití le
haghaidh tuilleadh eolais maidir le téarmaí agus
coinníollacha.
Cárta Cliste
Cuireann oibritheoirí teilifíse digití modúl CI+ (Modúl
Rochtana Coinníollaí - CAM) ar fáil, agus cárta cliste a
ghabhann leis, nuair a dhéanann tú suibscríbhinn dá
scothchláir.
Cuir an cárta cliste isteach sa mhodúl CAM. Féach ar
an treoir a fuair tú ón oibritheoir.
Chun an CAM a chur isteach sa teilifís…
1. Beidh an modh ceart chun an CAM a chur isteach le
feiceáil ar an gCAM. Má chuireann tú isteach mícheart
é, d'fhéadfá damáiste a dhéanamh don CAM agus
don teilifís.
2. Agus tú ag féachaint ar chúl na teilifíse, agus
aghaidh an CAM i do threo, cuir an CAM isteach go
réidh sa sliotán COMMON INTERFACE.
3. Brúigh an CAM isteach chomh fada is a rachaidh sé.
Fág sa sliotán go buan é.
Nuair chasann tú air an teilifís, d'fhéadfadh roinnt
nóiméad a bheith i gceist sula ngníomhachtófar an
CAM. Má chuirtear CAM isteach agus má íoctar na
táillí suibscríbhinne (bíonn modhnna suibscríbhinne
éagsúla ann), is féidir leat féachaint ar na cainéil
scrofa a dtacaíonn an cárta cliste CAM leo.
Is do do theilifís amháin an CAM agus an cárta cliste.
Má bhaineann tú an CAM amach, ní bheidh tú in ann
féachaint ar na cainéil scrofa a dtacaíonn CAM leo.
15