User manual

14
Smart TV
14.1
Smart TV a shuiteáil
Ní mór duit do nasc a chumrú an chéad uair a
osclaíonn tú Smart TV. Léigh agus glac leis na téarmaí
agus coinníollacha chun leanúint ar aghaidh.
Is é leathanach tosaithe an Smart TV do nasc leis an
Idirlíon. Is féidir leat scannáin a thógáil amach ar cíos
ar líne, nuachtáin a léamh, agus éisteacht le ceol, nó
siopadóireacht a dhéanamh ar líne nó féachaint ar
chláir teilifíse nuair a fheileann sé duit le Online TV.
Oscail Smart TV
Chun leathanach tosaigh an Smart TV a oscailt,
brúigh Smart TV .
Mar rogha air sin, is féidir leat (Baile) >
Feidhmchláir, a bhrú roghnaigh Smart TV agus
brúigh OK.
Nascann an teilifís leis an Idirlíon agus osclaíonn sí an
leathanach tosaigh Smart TV. D'fhéadfadh sé sin
roinnt soicind a thógáil.
Oscail Smart TV
Chun leathanach tosaigh Smart TV a dhúnadh, brúigh
EXIT.
Ní ghlacann TP Vision Europe B.V. le haon fhreagracht
maidir le hábhar nó caighdeán an ábhair atá curtha ar
fáil ag na soláthróirí seirbhíse ábhar.
14.2
Leathanach tosaigh Smart TV
Do chuid Feidhmchlár
Tosaíonn tú Feidhmchláir ón leathanach tosaithe
Smart TV start.
Idirlíon
Osclaíonn an Feidhmchlár Idirlín an Gréasán
Domhanda ar do theilifís.
Is féidir leat féachaint ar aon ghréasán idirlín ar do
theilifís ach níl an chuid is mó acu deartha don
scáileán teilifíse.
- Níl fáil ar roinnt breiseán (e.g. chun féachaint ar
leathanaigh nó ar fhíseáin) ar fáil ar do theilifís.
- Taispeántar leathanach amháin Idirlín san iarraidh,
agus i bhfoirm lánscáileán.
14.3
Gailearaí na bhFeidhmchlár
Oscail App gallery (Gailearaí na bhFeidhmchlár) i
Smart TV chun na feidhmchláir a bhrabhsáil, ar
bailiúchán de láithreáin ghréasáin iad atá curtha in
oiriúint don teilifís.
Aimsigh an Feidhmchlár d'fhíseáin YouTube,
nuachtán náisiúnta, albam grianghraf ar líne, etc. Tá
Feidhmchláir ann chun físeán a thógáil amach ar cíos
ó shiopa físeán ar líne agus Feidhmchláir chun
féachaint ar chláir atá caillte agat. Mura bhfuil an rud
atá de dhíth ort ar fáil sa (gailearaí na bhFeidhmchlár),
bain triail as an nGréasán Domhanda agus scimeáil an
tIdirlíon ar an teilifís.
Cuardaigh
Is féidir leat Gailearaí na bhFeidhmchlár a chuardach
le haghaidh Feidhmchlár ábhartha.
Cuir isteach eochairfhocal sa réimse téacs,
roghnaigh agus brúigh OK chun tús a chur leis
an gcuardach. Is féidir leat ainmneacha, teidil, seánraí
agus eochairfhocail a chur isteach chun iad a
chuardach.
Mar rogha air sin, is féidir leat an réimse téacs a
fhágáil folamh agus cuardach a dhéanamh do na
cuardaigh/eochairfhocail is mó a bhfuil tóir orthu thar
raon catagóirí. Sa liosta eochairfhocail a aimsítear,
roghnaigh eochairfhocal agus brúigh OK chun
cuardach a dhéanamh do mhíreanna a bhfuil an
eochairfhocal sin acu.
51