User manual

teilifís agus ní bheidh sé ina údar mífheidhme.
Ráiteas maidir le Nochtadh
Radaíochta
Tá an trealamh seo comhlíontach leis na
teorainneacha nochta do radaíocht CE atá leagtha
síos do thimpeallacht neamhrialaithe. Ba cheart an
trealamh seo a shuiteáil agus a oibriú le hachar 20cm
ar a laghad idir an radaitheoir agus an cholainn.
Liostaítear thíos minicíocht, mód agus an
uaschumhacht a tharchuirtear san AE:
- 2400-2483.5MHz: < 20 dBm (EIRP)
23.2
Cúram Scáileáin
Glan
• Ná bíodh aon rud i dteagmáil leis an scáileán agus
ná húsáid aon rud chun an scáileán a bhrú, a chuimilt
nó a bhualadh.
• Bain amach pluga na teilifíse sula nglanann tú í.
• Glan an teilifís agus an fráma le ceirt bhog thais agus
cuimil go séimh í. Ná húsáid substaintí cosúil le halcól,
ceimicigh nó glantóirí tí ar an teilifís.
• Chun dífhoirmithe agus téaltú na ndathanna a
sheachaint, glan suas braonta uisce chomh tapaidh
agus is féidir.
• Seachain íomhánna cónaitheacha a mhéid is féidir.
Íomhánna a fhanann ar an scáileán ar feadh tréimhsí
fada iad íomhánna cónaitheacha. Áirítear le
híomhánna cónaitheacha roghchláir ar an scáileán,
barraí dubha, taispeáintí ama, srl. Má chaitheann tú
íomhánna cónaitheacha a úsáid, laghdaigh
codarsnacht agus gile an scáileán chun damáiste don
scáileán a sheachaint.
67