User Guide

Table Of Contents
Maidir le iTV
Cuireann roinnt craoltóirí digiteacha a ngnáthchlár
teilifíse isteach le leathanaigh eolais nó siamsaíochta i
gcás teilifíse idirghníomhaí. Ar roinnt leathanach, is
féidir leat freagra a thabhairt do chlár nó vótáil,
siopadóireacht ar líne a dhéanamh nó íoc as físeán-ar-
éileamh.
Tagraítear do Theilifís Idirghníomhach ó am go chéile
mar Théacs Digiteach nó cnaipe Dearg. Ach is córas ar
leith gach córas.
Téigh go dtí láithreán gréasáin an chraoltóra chun
tuilleadh eolais a fháil.
A bhfuil de dhíth ort
Ní féidir teilifís Idirghníomhach a fháil ach ar chainéil
teilifíse digití. Chun leas a bhaint as na tairbhí iomlána
a bhaineann le teilifís Idirghníomhach, teastaíonn
nasc ardluais (leathanbhanda) Idirlín don teilifís.
HbbTV
Má thairgeann cainéal teilifíse leathanaigh HbbTV, ní
mór duit HbbTV a chasadh air ar dtús i socruithe na
teilifíse chun féachaint ar na leathanaigh.
Chun tacaíocht HBBTV a chasadh air
MENU > Roghanna teilifíse >
Ardroghanna > Socruithe HbbTV
Úsáid iTV
Oscail leathanaigh iTV
Tugann an chuid is mó de na cainéil a thairgeann
HbbTV nó iTV cuireadh duit an eochair datha nó an
eochair OK a bhrú chun a gclár idirghníomhach a
oscailt.
Gluaiseacht ar leathanaigh iTV
Is féidir leat na heochracha saighde agus datha, na
heochracha uimhreach agus an eochair Ar ais a úsáid
chun bogadh trí na leathanaigh iTV.
Is féidir leat na heochracha Seinn, Cuir ar
Sos agus Stop a úsáid chun féachaint ar fhíseáin
laistigh de leathanaigh iTV.
Leathanaigh iTV a dhúnadh
Insíonn tromlach na leathanach iTV duit cén eochair
atá le húsáid chun dúnadh.
Chun dúnadh leathanaigh iTV a fhórsáil, athraigh go
dtí an chéad chainéal teilifíse eile agus brúigh Ar
ais.
20