User Guide

Table Of Contents
7
Nasc Gléasanna
7.1
Maidir le Naisc
Treoir maidir le Nascacht
Nasc gléas leis an teilifís i gcónaí leis an nasc is airde
caighdeáin atá ar fáil. Anuas air sin, úsáid cáblaí ar
chaighdeán maith chun a chinntiú go mbeidh aistriú
maith pictiúr agus fuaimeanna ann.
Nuair a nascann tú gléas, aithníonn an teilifís a chineál
agus tugann sé ainm cineáil ceart do gach gléas. Is
féidir leat an t-ainm cineáil a athrú más mian leat. Má
shocraítear ainm cineáil ceart do ghléas, athraíonn an
teilifís go huathoibríoch go dtí na socruithe teilifíse is
fearr a fheileann di nuair a athraíonn tú go dtí an gléas
seo sa roghchlár Foinsí.
Port aeróige
Má tá Bosca bairr (glacadóir digiteach) nó Taifeadán
agat, nasc cáblaí na haeróige chun comhartha na
haeróige a rith tríd an mBosca bairr agus/nó an
Taifeadán i dtosach sula n-iontrálfaidh sé an teilifís.
Ar an gcaoi sin, is féidir leis an aeróg agus an Bosca
bairr cainéil bhreise fhéideartha a sheoladh go dtí an
Taifeadán le haghaidh a dtaifeadta.
Poirt HDMI
Cáilíócht HDMI
Bíonn an caighdeán pictiúir agus fuaime is fearr ann le
nasc HDMI. Bíonn na comharthaí físe agus fuaime
araon le chéile in aon chábla HDMI amháin. Úsáid an
cábla HDMI le haghaidh comharthaí teilifíse
Ardghléine (HD).
Úsáid cábla HDMI Ardluais chun an t-aistriú
comhartha is fearr a fháil agus ná húsáid cábla HDMI
níos faide ná 5 m.
Cosaint ar chóipeáil
Tacaíonn poirt HDMI le HDCP 2.2 (Cosaint Ábhar
Digiteach Ard-Leitheadbhanda). Is comhartha
chosaint ar chóipeáil HDCP a chuireann cosc ar
chóipeáil ábhar ó dhiosca DVD nó Diosca Blu-ray.
Tagraítear dó fresin mar DRM (Bainistíocht Ceart
Digiteach).
HDMI ARC
Níl HDMI ARC (Cainéal Fillte Fuaime) ach ag an nasc
HDMI 1 ar an teilifís.
Má tá an nasc HDMI ARC ag an ngléas freisin, ar
gnách gur Córas Amharclainne Baile (HTS) é, nasc le
HDMI 1 ar an teilifís seo é. Ní chaithfidh an cábla
fuaime breise a sheolann fuaim na teilifíse go dtí an
HTS a bheith agat nuair atá nasc HDMI ARC ann. Tá
an dá chomhartha sa nasc HDMI ARC.
HDMI CEC
Nasc gléasanna HDMI CEC-comhoiriúnacha le do
theilifís, is féidir leat iad a oibriú le cianrialtán na
teilifíse.
Ní mór HDMI CEC (Consumer Electronic Control) a
chasadh air ar an teilifís agus ar an ngléas nasctha.
Cas air CEC
Tabhair cead don teilifís an gléas HDMI a rialú.
Baile > Socruithe > Roghanna Gléis > Ionchuir > Rialú
HDMI.
Uath-Chasadh as Gléis
Cas as na gléasanna HDMI leis an teilifís.
Baile > Socruithe > Roghanna Gléis > Ionchuir >
Uathchumhacht gléis as.
Uath-Chasadh Air na Teilifíse
21