User Guide

Table Of Contents
Cluasáin
Is féidir leat cluasáin a nascadh leis an nasc cluasáin
ar chúl na teilifíse. Is mion-seac 3.5mm an nasc.
*Tabhair faoi deara: Balbófar Callairí na teilifíse nuair
atá na cluasáin plugáilte isteach.
7.6
Méaróg Chuimhne USB
Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif nó do cheol
agus físeáin a sheinnt ó mhéaróg USB nasctha.
Cuir isteach méaróg chuimhne USB i gceann de na
naisc USB ar an teilifís nuair atá an teilifís casta air.
Ní mór duit an feidhmchlár MMP (MultiMediaPlayer) a
chur leis an scáileán Baile sula mbeidh tú in ann
féachaint ar na comhaid ón méaróg chuimhne USB.
Brúigh Baile agus cliceáil ar an deilbhín Feidhmchláir
ar thaobh na láimhe clé de ró na bhFeidhmchlár. Is
féidir leat feidhmchláir MMP a chur leis an liosta ó
leathanach na bhFeidhmchlár.
Chun éirí as a bheith ag féachaint ar ábhar ón méaróg
chuimhne USB, brúigh EXIT nó roghnaigh
gníomhaíocht eile. Fág an feidhmchlár MMP sula
dhínascann tú an mhéaróg chuimhne.
Chun an mhéaróg chuimhne USB a bhaint amach go
sábháilte…
1 - Brúigh HOME.
2 - Roghnaigh an deilbhín Foláirimh ón gcoirnéal
bairr ar thaobh na láimhe deise agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh do mhéaróg chuimhne agus brúigh
OK.
4 - Roghnaigh Díchuir agus brúigh OK.
5 - Fan go dtí go mbeidh an nós imeacht díchurtha
críochnaithe agus ansin bain amach an mhéaróg
chuimhne.
Ultra HD ar USB
Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif i dtaifeach Ultra
HD ó ghléas nasctha USB nó ó mhéaróg chuimhne.
Laghdóidh an teilifís an taifeach má tá taifeach an
ghrianghraif níos airde.
7.7
Ríomhaire
Is féidir leat do ríomhaire a nascadh leis an teilifís
agus an teilifís a úsáid mar mhonatóir ríomhaire. Úsáid
cábla HDMI chun an ríomhaire a nascadh leis an
teilifís.
* Nóta d’úsáideoirí chárta grafaice Nvidia:
Má nascann tú cárta grafaice Nvidia leis an teilifís trí
chábla HDMI, d’fhéadfadh an cárta Nvidia fís Ráta
Athraitheach Athnuachana (VRR) a aschur chuig an
teilifís. Más mian leat an fheidhm VRR a chasadh as,
ní mór duit an socrú sin a dhéanamh ar chárta
grafaice do ríomhaire.
* Nóta d’úsáideoirí chárta grafaice AMD:
Má nascann tú cárta grafaice AMD leis an teilifís trí
chábla HDMI, úsáid na socruithe seo a leanas leis an
gcárta grafaice chun an fheidhmíocht is fearr a bheith
agat.
Nuair is é 4096 x 2160p nó 3840 x 2160p fís aschuir
an chárta grafaice, agus formáid picsile RGB á húsáid,
tá stiúideo formáid picsile RGB 4:4:4 (RGB teoranta) le
socrú ar an gcárta grafaice.
24