User Guide

Table Of Contents
1
Scáileán Baile
1.1
Scáileán Baile agus Cainéil
An lainseálaí Baile
Nasc an teilifís leis an Idirlíon chun an leas is fearr a
bhaint as do theilifís Android. Brúigh Baile ar do
chianrialtán chun do scáileán nua Baile Android a
fháil. Díreach cosúil le d'fhón cliste Android nó do
thaibléad, is é an scáileán Baile croí do theilifíse. Is
féidir leat an cinneadh a dhéanamh as seo maidir leis
na cláracha a bhféachfaidh tú orthu trí na roghanna
siamsaíochta a bhrabhsáil ón bhfeidhmchlár agus ó
theilifís beo. Tá cainéil ag do leathanach Baile chun
ligint duit teacht ar inneachar ó na feidhmchláir is
ansa leat. Is féidir leat cainéil bhreise a chur leis an
liosta nó feidhmchláir nua a aimsiú chun tuilleadh
inneachair a fháil.
Eagraítear an Scáileán Baile de réir cainéal. Féadfaidh
gach feidhmchlár a mholtaí féin a dhéanamh (más
ann dóibh) de réir a roghanna féin mar chainéil aonair
sa scáileán baile.
Feidhmchláir
Is ar an gcéad ró atá na Feidhmchláir is ansa leat. Tá
an líon feidhmchlár atá réamhshuiteáilte sa ró seo.
Déantar ord a chur ar na bhfeidhmchláir seo de réir
comhaontaithe gnó le soláthraithe seirbhíse
inneachair. Is féidir leat tuilleadh feidhmchlár a chur
leis an liosta mar cheanáin ó leathanach na
bhFeidhmchlár, cosúil le Teilifís bheo agus MMP
(MultiMediaPlayer). Is féidir leathanach na
bhFeidhmchlár a oscailt trí chliceáil ar dheilbhín na
bhFeidhmchlár ar thaobh na láimhe clé ar fad de ró
na bhFeidhmchlár.
Teilifís bheo
Taispeánann an ró Teilifís Bheo na cláir atá á rith faoi
láthair ó na cainéil shuiteáilte. Bíonn suas le 10
gcainéal air mar mholtaí duit le roghnú ar na cainéil
teilifíse. Is é an chéad chainéal ar an ró Teilifís Bheo
an cainéal a bhfuil tú ag féachaint air, agus is iad na
cainéil ina dhiaidh sin na cainéil a bheidh ar do liosta
ceanán*.
*Tabhair faoi deara: Má tá spásanna breise ar fáil ar
an ró Teilifís Bheo, beidh cainéil ó d’fhoinse DTV
(teilifís dhigiteach) san áireamh ann.
An cainéal Seinn an Chéad Cheann eile
Beidh a fhios agat i gcónaí céard é an chéad chlár eile
ar an gcainéal Seinn an Chéad Cheann eile ar an
scáileán Baile. Tosaigh ag féachaint ón áit ar stop tú
agus faigh fógraí faoi eagráin nua sa chainéal Seinn
an Chéad Cheann eile. Brúigh agus coinnigh síos
Roghnaigh ar scannán nó clár teilifíse chun é a chur
go díreach ar an gcainéal Seinn an Chéad Cheann
eile.
Google Play Movies & Cainéal teilifíse
Tóg amach scannáin nó cláir teilifíse ar cíos ar an
gcainéal seo ó Google Play Movies & TV.
Cainéal YouTube
Ar an gcainéal seo, gheobhaidh tú d’fhíseáin YouTube
Mholta, Suibscríbinne nó Treochtaí.
Saincheap cainéil
Cliceáil an cnaipe Sainhcheap cainéil chun cainéil a
chur ar do scáileán Baile agus iad a bhaint de.
Féach ar www.support.google.com/androidtv freisin
Rochtain a fháil ar shocruithe ón scáileán Baile
Is féidir leat rochtain a fháil ar an roghchlár Socruithe
tríd an deilbhín sa choirnéal ar thaobh na láimhe
deise.
Rochtain a fháil ar an méaróg chuimhne USB ón
scáileán Baile
Ní mór duit an feidhmchlár MMP (MultiMediaPlayer) a
chur leis an leathanach Baile sula mbeidh tú in ann
féachaint ar na comhaid ón méaróg chuimhne
USB. Brúigh Baile agus cliceáil ar an deilbhín
Feidhmchláir ar thaobh na láimhe clé de ró na
bhFeidhmchlár. Is féidir feidhmchláir MMP a chur leis
an liosta ó leathanach na bhFeidhmchlár.
An barra córais ar an scáileán Baile
Tá na gnéithe seo a leanas ar fáil ar an mbarra Córais
ar bharr an scáileáin Baile:
- Cnaipe Cuardaigh: chun cuardach Google a
thruicearú le hionchur gutha* nó téacs. Taispeántar
toradh an chuardaithe agus ord an chuardaithe de réir
comhaontaithe gnó le soláthraithe seirbhíse
inneachair.
- Fógraí: chun teachtaireachtaí a thabhairt duit faoi
do chóras Smart TV.
- Foinse ionchuir: chun liosta na bhfoinsí ionchuir a
lainseáil agus athrú go dtí aon cheann de na
gléasanna nasctha.
- Socruithe: chun rochtain a fháil ar roghchlár na
socruithe uile agus socruithe na teilifísed a athrú.
- Clog: chun clog an chórais a thaispeáint.
*Tabhair faoi deara: Chun go mbeifí in ann leas a
bhaint as Google Assistant i gcás cianrialtáin gan
micreafón, úsáid an feidhmchlár Google Home a
bhfuil fáil air sa Google Play Store i gcás Android agus
san Apple App store i gcás gléasanna iOS.
4