User Guide

Table Of Contents
2.4
Cábla Cumhachta
• Cuir isteach an cábla cumhachta sa nascóir POWER
ar chúl na teilifíse.
• Bí cinnte go bhfuil an cábla cumhachta curtha
isteach go daingean sa nascóir.
• Bí cinnte gur féidir leat rochtain a fháil i gcónaí ar an
bpluga cumhachta sa soicéad balla.
• Nuair a dhíphlugálann tú an cábla cumhachta,
tarraing an pluga i gcónaí, ná tarraing an cábla go
deo.
D'ainneoin go bhfuil tomhaltas cumhachta an-íseal
ag an teilifís seo nuair atá sé ar fuireachas, bain
amach an cábla cumhachta chun fuinneamh a
shábháil mura mbeidh an teilifís in úsáid ar feadh
tréimhse fada.
2.5
Cábla na hAeróige
Cuir isteach pluga na haeróige go daingean sa
soicéad Aeróige ar chúl na teilifíse.
Is féidir leat d'aeróg féin a nascadh nó nasc a
dhéanamh le comhartha aeróige ó chóras dáilte
aeróige. Úsáid nascóir aeróige IEC Coax 75 Ohm RF.
Úsáid an nasc aeróige seo le haghaidh comharthaí
ionchuir digiteacha nó analógacha ón aeróg.
2.6
Mias Satailíte
Ceangail an nascóir satailíte den chineál F leis an
nasc satailíte SAT ar chúl na teilifíse.
7