operation manual

huathoibríoch chun an scáileán a líonadh. Is beag
díchumadh pictiúir atá ann agus bíonn na fotheidil le
feiceáil i gcónaí. Níl sé feiliúnach d'ionchur ó
ríomhaire. Tá roinnt formáidí pictiúr foircneacha in ann
barraí dubha a thaispeáint i gcónaí.
Cuir in Oiriúint don Scáileán – zúmálann sé an
pictiúr isteach go huathoibríoch chun an scáileán a
líonadh gan díchumadh. D'fhéadfadh barraí dubha a
bheith le feiceáil. Níl sé feiliúnach d'ionchur ó
ríomhaire.
Scáileán Leathan – déanann sé an pictiúir a zúmáil
go scáileán leathan go huathoibríoch.
Ardsocruithe
Mura bhfuil an dá bhunsocrú in ann an pictiúr a
fhormáidiú ar an gcaoi atá uait, is féidir leat na
hardsocruithe a úsáid. Athraíonn tú formáid do
phictiúir de láimh ar do scáileán leis na hardsocruithe.
Is féidir leat an pictiúr a zúmáil, a shíneadh agus a
aistriú go dtí go dtaispeánann sé a bhfuil uait – e.g.
fotheidil ar iarraidh nó meirgí téacs scrollála. Má
dhéanann tú an pictiúr a fhormáidiú le haghaidh
Foinse ar leith – cosúil le consól cluiche nasctha – is
féidir leat filleadh ar an socrú seo an chéad uair eile a
úsáideann tú an consól cluiche. Stórálann an teilifís
an socrú deireanach a rinne tú do gach nasc.
Chun an pictiúr a fhormáidiú de láimh…
1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh
(má tá fáil air ar do do chianrialtán) nó brúigh .
2 - Roghnaigh Ardsocruithe agus brúigh OK.
3 - Úsáid Aistriú, Zúmáil, SínBunaidh chun an
pictiúr a athrú.
4 - Mar rogha air sin, roghnaigh Socrú Deireanach
agus brúigh OK chun athrú ar ais go dtí an fhormáid a
bhí stóráilte agat cheana.
5 - Nó roghnaigh Cealaigh chun filleadh go dtí an
socrú pictiúir a bhí ann nuair a d'oscail tú Formáid
Pictiúir.
Aistriú – Roghnaigh na saigheada chun an pictiúr a
aistriú. Ní féidir leat an pictiúr a aistriú ach amháin
nuair atá sé zúmáilte isteach.
Zúmáil – Roghnaigh na saigheada chun zúmáil
isteach.
Sín – Roghnaigh ar na saigheada chun an pictiúr a
shíneadh go hingearach nó go cothrománach.
Cealaigh – Roghnaigh chun filleadh go dtí an
fhormáid pictiúir ar thosaigh tú léi.
Bunaidh – Taispeánann sé formáid bhunaidh an
phictiúir atá ag teacht isteach. Is formáid 1:1 picsil ar
phicsil í seo. Is mód saineolaíoch é seo d'ionchur HD
agus PC.
Mear-Socrú Fuaime
Shocraigh tú roinnt socruithe pictiúir go héasca i rith
na chéad suiteála. Is féidir leat na céimeanna sin a
dhéanamh arís le Mear-Socrú Phictiúir. Cinntigh gur
féidir leis an teilifís tiúináil go dtí cainéal teilifíse nó go
bhfuil sé in ann clár a thaispeáint ó ghléas nasctha.
Chun an pictiúr a shocrú i gcéimeanna éasca…
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Pictiúr agus brúigh (deas) chun an
roghchlár a oscailt..
3 - Roghnaigh Mear-Socrú Pictiúir.
4 - Roghnaigh Tosaigh. Úsáid na heochracha
nascleanúna chun do rogha a dhéanamh.
5 - Ar deireadh roghnaigh Críochnaigh.
6 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
12.3
Fuaim
Stíl Fuaime
Roghnaigh Stíl
Is féidir leat socrú réamhshainithe a roghnú le Stíl
Fuaime chun an fhuaim a athrú go héasca.
1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh .
2 - Roghnaigh Fuaim agus brúigh (deas) chun
an roghchlár a oscailt.
3 - Roghnaigh Stíl Fuaime, agus roghnaigh ceann
de na stíleanna sa liosta.
4 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Is iad na stíleanna atá ar fáil…
Pearsanta - Na roghanna fuaime a shocraíonn tú an
chéad uair a chasann tú air í.
Bunaidh - An socrú fuaime is neodraí
Scannán - Feiliúnach d'fhéachaint ar scannáin
Ceol - Feiliúnach do cheol
Cluiche - Feiliúnach do chluichíocht
Nuacht - Feiliúnach do chaint
Stíl a Aisghabháil
Agus Stíl Fuaime roghnaithe agat, is féidir leat aon
socrú fuaime a athrú in Suiteáil > Fuaim
Stórálfaidh an stíl atá roghnaithe na hathruithe atá
déanta agat. Molaimid na socruithe fuaime a athrú
don stíl Pearsanta amháin. Is féidir leis an Stíl Fuaime
- Pearsanta a socruithe a shábháil do gach foinse
indibhidiúl sa roghchlár Foinsí.
57