User Guide

Table Of Contents
Ultra HD socraithe go Optamach, Optamach
(Uathchluiche)Optamach (Uathchluiche 120Hz
Pro) i HDMI 1 agus HDMI 2.
Roghnaigh Caighdeánach má tá an pictiúr nó fuaim
díchumtha.
• Socraigh Optamach (Uathchluiche) chun a chur ar
chumas na teilifíse tacú leis an Ráta Athnuachana
Athraitheach HDMI* /físeán FreeSync Préimhe* nó
Pro*/G-Sync* (ar roinnt múnlaí amháin). Cuireann an
rogha seo ar chumas na teilifíse an stíl Pictiúir/
Fuaime a athrú go Cluiche go huathoibríoch cibé
uair a chuireann an gléas HDMI atá nasctha leis an
teilifís in iúl di é.
• Roghnaigh Optamach (Uathchluiche xxxHz Pro)
chun cluichíocht HDR10+ a chumasú anuas ar na
gnéithe go léir a dtacaítear leo in Optamach
(Uathchluiche).
* Agus tacaíocht á tabhairt do Ráta Athnuachana
Athraitheach HDMI/FreeSync Préimhe / G-Sync,
athraíonn an teilifís a ráta athnuachana i bhfíor-am de
réir chomhartha an ráta frámaí chun go sioncrónófar
le gach pictiúr í. Cuirtear i bhfeidhm é chun an mhoill,
creathán agus sracadh fráma a laghdú chun go
mbeidh an t-eispéireas cluichíochta níos fearr.
Tabhair faoi deara: Tá G-Sync inoiriúnaithe le roinnt
múnlaí teilifíse agus le sraith cárta Grafaice Nvidia
GTX 30 amháin.
Tabhair faoi deara:
Má tá uait féachaint ar inneachar HDR10+ nó Dolby
Vision ó fhoinse HDMI, seans go mbeidh ort
cumhacht do sheinnteora a chasadh as agus a
chasadh air arís agus é nasctha leis an teilifís atá ag
seinnt a leithéid d’inneachar den chéad uair. Ní
thacaítear le hinneachar HDR10+ ná Dolby Vision ach
amháin nuair atá HDMI Ultra HD socraithe do
OptamachOptamach (Uathchluiche 120Hz Pro).
Ní thacaítear le hinneachar Dolby Vision ach amháin
nuair atá HDMI Ultra HD socraithe do Optamach ,
Optamach (Uathchluiche)Optamach
(Uathchluiche 120Hz Pro).
I gcás múnlaí teilifíse a dtacaítear leo amháin, beidh
ort do ríomhaire nó consól cluiche a nascadh leis an
teilifís trí chábla HDMI Ultra-Ardluais, agus ansin
HDMI Ultra HD a athrú go Optamach (Uath-Chluiche)
Optamach (Uath-Chluiche 120Hz Pro)le go
mbeidh tú in ann taitneamh a bhaint as cluiche
FreeSync Préimh nó G-Sync. Seans go mbeidh ort
ansin an chumhacht a chasadh as, agus air arís, ar do
ríomhaire nó consól cluiche chun an tsuiteáil a
chríochnú.
9.2. Córas Amharclainne
Baile - HTS
Nasc le HDMI ARC/eARC
Úsáid an cábla HDMI chun Córas Amharclainne Baile
(HTS) a nascadh leis an teilifís. Is féidir leat Philips
Soundbar a nascadh nó HTS a bhfuil seinnteoir
diosca ionsuite aige.
HDMI ARC
Níl ach HDMI 2 ar an teilifís in ann an comhartha
Cainéal Fillte Fuaime (ARC) a thairiscint. A luaithe is
atá an Córas Amharclainne Baile nasctha agat, ní
féidir leis an teilifís ach an comhartha ARC a sheoladh
chuig an nasc HDMI seo amháin. Ní gá an cábla
fuaime breise a nascadh nuair atá HDMI ARC ann. Tá
an dá chomhartha sa nasc HDMI ARC.
HDMI eARC
Tá dul chun cinn déanta le HDMI eARC (Cainéal Fillte
Fuaime Breisithe) i gcomparáid leis an ARC a bhí ann
roimhe. Tacaíonn sé leis an bhformáid fuaime ráta
giotán ard suas le 192kHz, 24-bit, agus 5.1 agus 7.1
neamh-chomhbhrúite, agus fuaim neamh-
chomhbhrúite 32-cainéal. Níl HDMI eARC ar fáil ach
ar HDMI 2.
Sioncronú fuaime go físe (sionc)
Mura meaitseálann an fhuaim an fhís ar an scáileán, is
féidir leat moill a shocrú ar an gcuid is mó de Chórais
Amharclainne Baile a bhfuil seinnteoir diosca acu
chun an fhuaim a mheaitseáil leis an fhís.
Fadhbanna le fuaim HTS
Fuaim le torann ard
Má fhéachann tú ar fhíseán ó mhéaróg chuimhne
USB atá plugáilte isteach nó ríomhaire nasctha,
d'fhéadfadh an torann ó do Chóras Amharclainne
Baile a bheith díchumtha. Cloistear an torann sin nuair
atá fuaim DTS ag an gcomhad fuaime nó físeáin ach
gan próiseáil fuaime DTS a bheith ag an gCóras
Amharclainne Baile. Is féidir leat caoi a chur air sin trí
Formáid Dhigiteach Amach na teilifíse a athrú go
Steiréó.
Rohnaigh Socruithe > Taispeáin &
Fuaim > Fuaim amach > Formáid dhigiteach
amach.
Níl aon fhuaim ann
Mura bhfuil tú in ann an fhuaim a chloisteáil ón teilifís
ar do Chóras Amharclainne Baile, seiceáil ar nasc tú
an cábla HDMI le nasc HDMI ARC/eARC ar an gCóras
34