User Guide

Table Of Contents
Chun laghdú ar an ngeamhú le go mbeidh an
ghluaiseacht pictiúr soiléir agus géar.
Is féidir luach a roghnú idir 0 agus 10 chun geamhú
gluaisne a laghdú. Infheicthe ar scannáin ar an teilifís.
Roghnaigh 0 nuair a bhíonn torann sa scannán atá
ar taispeáint.
Tabhair faoi deara: Níl fáil air ach nuair atá stíleanna
Gluaisne socraithe go Pearsanta.
Mear-Socrú Fuaime
Shocraigh tú roinnt socruithe pictiúir go héasca i rith
na chéad suiteála. Is féidir leat na céimeanna sin a
dhéanamh arís le Mear-Socrú Pictiúir.
Chun an pictiúr a shocrú i gcéimeanna éasca:
1 - Select Socruithe > Taispeáin &
Fuaim > Pictúir.
2 - Roghnaigh Mear-Socrú Phictiúir agus
brúigh OK.
3 - Bain úsáid as na heochracha nascleanúna chun
na socruithe foinse, géire, codarsnachta, datha agus
gluaisne a roghnú.
4 - Roghnaigh Críochnaigh nó brúigh (clé) arís
agus arís más gá chun an roghchlár a dhúnadh.
14.2. Scáileáin
Formáid Phictiúir
Mura bhfuil an pictiúr ag líonadh an scáileáin ar fad,
má tá barraí dubha ar taispeáint ag barr nó ag bun an
scáileáin nó ar an dá thaobh, is féidir leat an pictiúr a
athrú chun an scáileán a líonadh ar fad.
Chun ceann de na bunsocruithe a roghnú chun an
scáileán a líonadh:
1 - Brúigh Socruithe > Taispeáin & Fuaim >
Scáileán > Formáid Phictiúir > Líon
Scáileán, Oiriúnú go Scáileán, Scáileán Leathan
agus Bunaidh, agus brúigh OK.
2 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Líon Scáileán – méadaíonn sé an pictiúr go
huathoibríoch chun an scáileán a líonadh. Is beag
díchumadh pictiúir atá ann agus bíonn na fotheidil le
feiceáil i gcónaí. Níl sé feiliúnach d'ionchur ó
ríomhaire. Tá roinnt inneachair pictiúir foircneach in
ann barraí dubha a thaispeáint i gcónaí. D’fhéadfadh
athrú teacht ar chóimheas treoíochta inneachair an
phictiúir.
Cuir in Oiriúint don Scáileán – zúmálann sé an
pictiúr isteach go huathoibríoch chun an scáileán a
líonadh gan díchumadh. D'fhéadfadh barraí dubha a
bheith le feiceáil. Níl sé feiliúnach d'ionchur ó
ríomhaire.
Scáileán Leathan – déanann sé an pictiúr a zúmáil
go scáileán leathan 16:9 go huathoibríoch.
D’fhéadfadh athrú teacht ar chóimheas treoíochta
inneachair an phictiúir.
Bunaidh – zúmálann sé an pictiúr isteach go
huathoibríoch chun dul in oiriúint don scáileán le
cóimheas treoíochta bunaidh. Níl aon inneachar a
cailleadh infheicthe.
Chun an pictiúr a fhormáidiú de láimh:
1 - Brúigh Socruithe > Taispeáin & Fuaim >
Scáileán > Formáid Phictiúir > Ardroghanna agus
brúigh OK.
2 - Úsáid Aistriú, Zúmáil agus Sín chun an pictiúr a
athrú.
3 - Nó roghnaigh Cealaigh chun filleadh go dtí an
socrú pictiúir a bhí ann nuair a d'oscail tú Formáid
Pictiúir.
Aistriú – Roghnaigh na saigheada chun an pictiúr a
aistriú. Ní féidir leat an pictiúr a aistriú ach amháin
nuair atá sé zúmáilte isteach.
Zúmáil– Roghnaigh na saigheada chun zúmáil
isteach.
Sín – Roghnaigh ar na saigheada chun an pictiúr a
shíneadh go hingearach nó go cothrománach.
Cealaigh – Roghnaigh chun filleadh go dtí an
fhormáid pictiúir ar thosaigh tú léi.
D’fhéadfadh roinnt de na socruithe Formáid Pictiúr
gan a bheith ar fáil i roinnt cúinsí. Mar shampla, i
sruthú físeáin, feidhmchláir Android, mód
cluichíochta, etc.
Socruithe Scáileán OLED
Cosaint áitiúil íomhá
Socruithe > Taispeáin & Fuaim > Scáileán >
Cosaint áitiúil íomhá .
Socraigh an leibhéal cosanta nuair atá an íomhá
shocair áitiúil á thaispeáint i gcónaí.
Nuair a thaispeántar íomhá shocair ar feadh tréimhse
fada, d’fhéadfadh rian den íomhá sin fanacht ar an
scáileán. Tá sé seo normálta do phainéal OLED.
Seachain íomhá shochair a thaispeáint ar an scáileán
teilifíse ar feadh tréimhse fada.
Aistriú picteilín uathoibríoch
Socruithe > Taispeáin & Fuaim > Scáileán >
Aistriú picteilín uathoibríoch.
Cas air chun seasamh picteilín a athrú chun strus
picteilíní a laghdú. Tá sé seo chun scáileán OLED a
chosaint ó íomhá cothrom a thaispeáint.
49