User Guide
Table Of Contents
- Ábhar
- 1 Cúram scáileán OLED
- 2 Scáileán Baile
- 3 Suiteáil
- 4 Cianrialtán
- 5 Ag Casadh Air agus As
- 6 Suiteáil Cainéal
- 7 Cainéil
- 8 Eolaire Teilifíse
- 9 Nasc Gléasanna
- 9.1 Maidir le Naisc
- 9.2 Córas Amharclainne Baile - HTS
- 9.3 Fuaim Amach Dhigiteach - Optúil
- 9.4 CAM le Cárta Cliste - CI+
- 9.5 Fóin Chliste agus Táibléid
- 9.6 Seinnteoir Diosca Blu-ray
- 9.7 Cluasáin
- 9.8 Consól Cluiche
- 9.9 Méarchlár, nasc
- 9.10 Gléas Stórála USB
- 9.11 Ceamara grianghraif
- 9.12 Camthaifeadán
- 9.13 Fodhordaire
- 9.14 Ríomhaire
- 10 Nasc do Theilifís
- 11 Idirlíon
- 12 Naisc, Liosta
- 13 Mear-roghchlár agus Socruithe Minice
- 14 Taispeáin agus Fuaim
- 15 Feidhmchláir
- 16 Córas
- 17 Cianda agus Gabhálais
- 18 Meáin
- 19 Fóin Chliste agus Táibléid
- 20 Cluichí
- 21 Netflix
- 22 Alexa
- 23 Sonraíochtaí
- 24 Cúnamh agus Tacaíocht
- 25 Sábháilteacht agus Cúram
- 26 Téarmaí Úsáide
- 27 Cóipchearta
- 28 Séanadh maidir le seirbhísí agus/nó bogearraí atá á dtairiscint ag tríú páirtithe
- Innéacs
don fhormáid pictiúir (féach ar shocruithe pictiúir na
teilifíse).
• Féach ar fhíseáin sa scáileán iomlán i gcónaí
seachas i bhfuinneog bheag ar scáileán na teilifíse.
(e.g. físeán ar leathanach bhrabhsálaí idirlín)
• Ná greamaigh aon ghreamán ná lipéad ar an
bpainéal OLED chun an seans go dtarlóidh feiniméan
na híomhá iarmharaí a laghdú.
• Tá taispeántais LED Orgánacha (OLED) thar a bheith
íogair d’fhachtóirí aeráide naimhdeacha agus
seachtracha, cosúil leo seo a chur go díreach faoi
sholas na gréine agus/nó soilsiú ultraivialait chomh
maith le teocht chomhthimpeallach mhíchuí, rud a
fhágann laghdú ar lonracht, gile agus saolré na
taispeántais OLED, laghdú picteilín agus dochar
doleasaithe agus/nó teip ar an taispeáint. Tabhair faoi
deara nach mbaineann an baránta le fadhbanna a
eascraíonn, go díreach nó go hindíreach, as an úsáid
nach bhfuil i gcomhréir leis na treoracha táirge seo.
Má thaispeántar íomha shocair ar feadh tréimhse
fada, d’fhéadfadh an íomha sin fanacht ar an
scáileán. Gnáthiompar é sin don phainéal OLED agus
ní fabht leis an teilifís atá ann. Seachain íomhá
shochair a thaispeáint ar an scáileán teilifíse ar feadh
tréimhse fada.
Spárálaí scáileáin
Chun an seans go mbeidh íomhánna iarmharacha ar
scáileán na teilifíse a laghdú, truicearfar an Spárálaí
scáileáin (an lógó PHILIPS gluaisteach) ina leithéid de
chúinsí.
- nuair a thaispeántar míreanna roghchláir ar shocrú
statach ar feadh níos mó ná 2 nóiméad.
- nuair a thaispeántar míreanna roghchláir
Feidhmchlár ar shocrú statach ar feadh níos mó ná 2
nóiméad.
- nuair atá Teilithéacs á thaispeáint ar feadh níos mó
ná 2 nóiméad.
D’fhéadfadh sé nach dtruicearfar an spárálaí scáileáin
ina leithéid de chúinsí.
- athsheinm a chur ar sos ar fhoinse seachtrach (e.g.
HDMI), mar nach bhfuil an teilifís ag taispeáint
míreanna roghchláir ar shocrú statach.
Comhuain is atá an spárálaí scáileáin gníomhach, is
féidir é a dhúnadh trí chnaipe ar bith ar an gcianrialtán
a bhrú. Rithfear gníomhaíochtaí eile sa chúlra, cosúil
le maide USB a chur isteach nó inneachar a theilgean,
ach ní chuirfidh na gníomhaíochtaí sin isteach ar an
spárálaí scáileáin.
Tá na gnéithe seo a leanas ag an Philips TV chun aire
a thabhairt don scáileán OLED:
• Próiseas athnuachana uathoibríoch
Tugann sé faoin bpróiseas athnuachana scáileáin
nuair is gá.
• Rialú uathoibríoch ghile an scáileáin
Laghdaíonn sé gile an scáileáin nuair atá íomhá
shocair ar taispeáint ar feadh tréimhse fada.
• Sparálaí scáileáin
Taispeánann sé an sparálaí scáileáin nuair atá íomhá
shocair ar taispeáint ar an scáileán ar feadh tréimhse
ama níos faide.
5










