Operation Manual

268
1. RÉAMHRÁ
Rinneadh an SÁBH SLABHRACH seo i gcom-
hréir leis na rialacháin sábháilteachta atá i bhfei-
dhm leis an tomhaltóir a chosaint.
Sa lámhleabhar seo léirítear agus cuirtear
síos ar na treoracha sábháilteachta, cóimeála,
úsáide agus cothabhála atá riachtanach chun do
SHÁBH SLABHRACH a choinneáil i bhfearas.
LEAGAN AMACH AN LEABHRÁIN SEO
Tá léaráidí a léiríonn cóimeáil agus déanamh an
mheaisín ag tús an leabhráin.
Breathnaigh ar na leathanaigh seo agus tú ag
léamh na treoracha cóimeála agus úsáide.
Sa chás go raibh cúnamh de dhíth ort nó go
raibh do SHÁBH SLABHRACH le deisiú, téigh
i muinín ár ndíoltóra nó lárionad chúnamh cus-
taiméara údaraithe le do thoil.
2. RÉAMHCHÚRAIMÍ SÁBHAIL-
TEACHTA BUNÚSACHA
RIALACHÁIN SHÁBHAILTEACHTA
GHINEARÁLTA
MÍNÍTEAR SA LÁMHLEABHAR SEO NA COM-
HARTHAÍ ATÁ AR AN MHEAISÍN:
A1 - Mura ndéanann tú de réir na
rialachán agus na rabhadh agus tú ag
baint úsáid as an tSÁBH SLABHRA-
CH, is féidir go loitfidh tú daoine go
trom, agus tá contúirt an bháis ann.
A2 - An té a bhaineann úsáid as an
tSÁBH SLABHRACH nó a dhúisíonn
é, caithfidh sé an lámhleabhar treorach
agus cothabhála a léamh go cúramach
roimh ré agus taithí na stiúracha a
thabhairt air féin go hiomlán chun an
gléas a úsáid i gceart.
A2.1 - Coinnigh an lámhleabhar seo le
breathnú air as seo amach.
A3 - Ná lig do pháistí ná do dhaoine
nach bhfuil an-aithne acu ar na tre-
oracha seo an SÁBH SLABHRACH a
úsáid.
CONTÚIRT:
A4 - Ná dúisigh agus ná húsáid an
gléas in aice daoine (go háirithe páistí)
ná ainmhithe.
I rith an fheidhmithe, moltar fad íosta 10
m idir an meaisín agus daoine eile.
A5 - Moltar sár-aird a thabhairt ar na
contúirtí féideartha nach gcloistear iad
de barr fhuaim an ghléis.
A6 - Tóg amach gach contúirt as lim-
istéar na oibre agus deimhnigh nach
bhfuil contúirtí amhail crainn i suíom-
hanna contúirteacha, sráideanna, iarn-
róid, cáblaí leictreachais.
A7 - Bíonn an t-oibreoir freagrach má
tharlaíonn taisme nó contúirt do dhao-
ine eile nó dá gcuid rudaí.
A8 - Ná bain úsáid as an tSÁBH SLA-
BHRACH ach chun adhmad amháin a
ghearradh.
Ná bain úsáid as chun cuspóirí eile.
A9 - Cuir ort éadach agus trealamh
sábháilteachta oiriúnacha le húsáid an
tSÁIBH SHLABHRAIGH.
I rith an fheidhmithe caith éadaí lu-
iteacha seachas éadaí fairsinge. Ná
caith rudaí arbh fhéidir leo dul i bhfostú
sna páirteanna gluaisteacha.
A10 - Cuir ort spéaclaí cosanta nó
scáthlán ceadaithe.
A10.1 - Cuir ort cosantóirí cluaise
ceadaithe le haghaidh na fuaime.
A10.2 - Cuir ort clogad sábháilteachta
ceadaithe má bhíonn priacal go dtitfidh
rudaí.
A11 - Cuir ort buataisí sábháilteachta
ceadaithe agus boinn neamhscior-
racha fúthu.
A12 - Cuir ort lámhainní sábháilteachta
ceadaithe.
A13 - An té a úsáideann an SÁBH
SLABHRACH, caithfidh sé a bheith ar
GAEILGE
INSTRUCTION MANUAL SÁBH SLABHRACH
IE