Operation Manual

278
1) Tóg an caipín agus scaoil an spréachphlocóid
leis an castaire a soláthraíodh (fíor 22).
Seiceáil agus, más gá, rialáil an t-achar idir na
leictreoidí (fíor 21).
Má tá barraíocht screimhe uirthi agus má tá na
leictreoidí an-chaite, cuir spréachphlocóid úr den
chineál céanna ann (fíor 21).
Is féidir screamh iomarcach a bheith ann mar
gheall ar:
# Céatadán iomarcach ola sa bhreosla agus/nó
cáilíocht neamhoiriúnach na hola.
# Scagaire aeir calctha go páirteach.
2) Scriúáil an spréachphlocóid le do láimh go
deireadh a snáithe chun dochar dá cumhdach
a sheachaint. Ná bain úsáid as an chastaire oir-
iúnach ach chun í a fháscadh (fíor 22).
3) Ná déan deisiú (mura bhfuil tú cáilithe). Téigh
i muinín lárionad cúnaimh cáilithe.
CONTÚIRT!! Chun an staid sáb-
háilteachta bhunúsacha a choinneáil, ná
déan athruithe don ghléas.
Má déanann tú deisiú ná húsáid ach páirte-
anna úra bunúsacha.
Féadann cothabháil neamhcheart, úsáid ball
neamhbhunúil, baint as nó cur as feidhm na
bhfeistí sábháilteachta a bheith ina gcúis le
bascadh nó bárthainn, go fiú marfach (Féach
caibidil “B” : “FEISTÍ SÁBHÁILTEACHTA”).
9.7 SEICEÁIL SCRIÚNNA, PÁIRTEANNA
DAINGNE AGUS GLUAISTE
# Sula n-úsáideann tú an sábh slabhrach gach
uair, deimhnigh nach bhfuil scriú ar bith ná páirt
ar bith scaoilte nó damáisteach agus nach bhfuil
ídiú trom ar an bharra ná ar an tslabhra.
# Má tá páirteanna damáisteacha, cuir páirt úr
ann ag lárionad cúnaimh ceadaithe sula n-úsái-
deann tú an gléas.
9.8 GLANADH, IOMPAR AGUS STUÁIL
# Má iompraítear an sábh slabhrach nó mura
n-úsáidtear ar feadh tréimhse fada é, folmhaigh
umar an bhreosla.
# Ná glan le leachtanna garga.
# Cuir an gléas i gcoimeád in áit thirim shábháilte
dhoshroichte ag páistí.
# I gcás an iompair nó na stuála, clúdaigh an
barra agus an slabhra leis an chlúdach cosan-
tach speisialta a sholáthraítear.
GAEILGE
INSTRUCTION MANUAL SÁBH SLABHRACH
IE